AHLQVIST, Anders Eric Olof (1945–2018)
Le caoinchead ó Judith Ahlqvist

Teangeolaí agus ollamh Fionlannach a bhí in Anders Eric Olof Ahlqvist, a rugadh i Stócólm na Sualainne, ar 17 Feabhra 1945 agus a bhásaigh in Kirkkonummi, an Fhionlainn, ar 23 Lúnasa 2018. Bhí saol agus slí bheatha idirnáisiúnta ag Anders Ahlqvist ón gcéad lá. Cé gur sa tSualainn a rugadh é, saoránach de chuid na Fionlainne a bhí ann. Chaith sé na blianta ó 1950 go 1960 san Éigipt. Fear gnó a bhí ina athair, ach mar bhreis air sin, d’fheidhmigh sé mar Ardchonsal ar son na Fionlainne fosta. In éineacht leis an dá theanga a bhí aige roimhe sin, d’fhoghlaim Anders Fraincis ó na siúracha Francacha (les Soeurs Franciscaines) a raibh sé ar scoil (Lycée Français du Caire) acu sa phríomhchathair. Ba mhinic é ag cuimhneamh lá ab fhaide anonn faoin saol leadránach a bhí aige sa ghaineamhlach, agus faoi mhairteoil righin na mbuabhall a bhíodh mar bhia aige uaireanta. Ar a shon sin bhíodh deis aige a bheith ag snámh lena shnorcal go minic in abhainn mhór na Níle.

Ar an meánscoil in Kauniainen na Fionlainne, sa bhliain 1960 a thosaigh sé a chur suime sna seanteangacha ar dtús. Fuair sé amach go gcuirfeadh an scoil múinteoir ar fáil dá n-iarrfadh ar a laghad triúr daltaí ranganna Sean-Ghréigise. D’fhéadfadh na daltaí sin an mhatamaitic a fhágáil ar leataobh mar chúiteamh. Níorbh fhada gur fhill a bheirt chompánach ar an rang mata, agus lean Anders agus a mhúinteoir den tSean-Ghréigis ina n-aonar. D’fhreastail Anders ar ardscoil in Nya Svenska Läroverket, Heilsincí, áit ar thosaigh sé mar dhalta in 1963. Bhuaigh sé comórtas an bhliain chéanna agus ba é an duais a bhí ann go mbeadh cead ag an mbuaiteoir laethanta saoire a chaitheamh ina rogha féin d’áit. Ba iad Oileáin Árann a roghnaigh Anders agus thug sé roinnt laethanta go taitneamhach ansin ag déanamh aeir dó féin. Thosaigh sé ar staidéar a dhéanamh ar an Léann Clasaiceach in Ollscoil Heilsincí agus in 1966, dhírigh sé a aird ar an teangeolaíocht ghinearálta. Chomhlíon sé a dhualgas náisiúnta sna seirbhísí míleata taca an ama sin chomh maith agus, dá dheoin féin, chuir sé síneadh leis an tréimhse sin. D’oibrigh sé mar aistritheoir le linn na tréimhse breise sin do longa a thagadh isteach go dtí an cuan. Bhain sé amach gradam leifteanaint. Chríochnaigh sé a bhunchéim in 1968, agus in 1969 chaith sé tréimhse sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag freastal ar ranganna leis an Ollamh Conn Ó Cléirigh sa teangeolaíocht. Bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí na féilscríbhinne a foilsíodh in ómós dó ina dhiaidh sin.

Is i mBaile Átha Cliath a bhuail sé féin agus William Gillies lena chéile den chéad uair, rud a chuir cor eile ina chinniúint. Bhí Mac Gill-Ìosa ar tí tosú ar phost nua i Roinn na Ceiltise in Ollscoil Dhún Éideann. Chomhairligh sé d’Anders smaoineamh ar Dhún Éideann mar ionad dá chuid staidéir iarchéime agus rinne Anders rud air. Ba chairde móra iad ón am sin i leith. D’aistrigh sé go Dún Éideann go luath sna 1970idí, áit ar bhain sé amach dochtúireacht sa Léann Ceilteach in 1974. Ba é an tOllamh Kenneth Jackson ceann na Roinne an uair úd agus ba é an tOllamh John Lyons, saineolaí ar chúrsaí séimeantacha, agus ceann Roinn na Teangeolaíochta Teoiriciúla, a rinne stiúrthóireacht ar thráchtas Anders, ‘The history of the adverb in Irish’.

Bhí saol bríomhar sóisialta i nDún Éideann ag an am sin, agus, mar ba dhual do dhuine cuideachtúil sochaideartha mar é, bhain Anders lánsásamh as. Is iomaí rud ar chuir sé suim ann an uair sin agus, ina measc, chuir sé aithne agus eolas ar dhúchas uisce beatha na hAlban, ábhar spéise dó ar feadh a shaoil.

Ach thairis sin, is ann a bhuail sé le Judith Smeaton as an Nua-Shéalainn in 1971, agus phós siad san Fhionlainn in 1973. Bhí mac acu, Jacob. D’oibrigh Anders seal mar thaighdeoir in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus in 1976 ceapadh mar léachtóir le Sean-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh é. In Éirinn, bhí sé ina chonsal oinigh ag an bhFionlainn. Ba mhac léinn iarchéime dá chuid é an Dr Mícheál Ó Flaitheartha le linn an ama sin. Dar leisean:

Ba theangeolaí go smior a bhí in Anders nach raibh i gcónaí éasca ag mic léinn BA a raibh cur amach teoranta acu ar an ábhar. Ach de réir mar a threisigh mic léinn iarchéime san ábhar, is mó tairbhe a bhain siad as a chuid scoláireachta. Agus d’fhoghlaim mé an t-uafás ó Anders agus é mar stiúrthóir Ph.D. agam.

In Ollscoil Heilsincí, bhí Ahlqvist ina Ollamh le Teangeolaíocht ó 1988 go 1989. Choinnigh sé an teagmháil ina dhiaidh sin agus thugadh cuairteanna rialta ar a thír dhúchais. Is féidir a rá gur oileadh glúin iomlán de scoláirí Ceiltise san Fhionlainn faoina thionchar. Ar bhás Maartje Draak in 1995, ceapadh é in 1996 ina éarlamh ar Fhondúireacht van Hamel (Stichting A.G. van Hamel voor Keltische Studies) in Ollscoil Utrecht san Ísiltír agus thug sé cuairt ar an ollscoil sin mar Ollamh le Léann Ceilteach ó 2003 go 2004. Bhí tábhacht nach beag leis an gceapachán sin agus lena chuairt. Bhí an tOllamh Doris Edel, an té a bhí sa chathaoir roimhe sin, imithe ar scor agus gan comharba aimsithe a ghlacfadh leis an bpost. Bhí baol ann dá réir go gcuirfeadh údaráis na hOllscoile deireadh le Cathaoir an Léinn Cheiltigh ar fad. Sheas Anders sa bhearna bhaoil agus ní haibhéil a rá gur chuir sé an post ar shlí a shábhála nó gur ceapadh Peter Schrijver.

Scoláire leathan ilghnéitheach i ngort na teangeolaíochta ab ea Anders. Bhí eolas aige ar mhórán de na fodhisciplíní taobh istigh den réimse agus é ar a shocúl leo. Mar a dúirt a sheanchara William Gillies:

...he is as comfortable with the aims and methods of most (though not all) branches of structural linguistics as he is with the historical-comparative approach; he deals with language universals and dialectology, minority languages and languages pedagogy. And the individual languages that populate his chosen territory are modern, medieval and ancient. (2006: 14)

Thug sé na blianta saothair i mbun an Henry Sweet Society agus dá chúraimí mar bhall de Bhord Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Anuas ar na cúraimí sin bhí sé ina leas-uachtarán ar an Société d’Histoire et d’Épistémologie des Sciences du Langage (1984–1992). Bhí sé ina Uachtarán ar an Societas Linguistica Europaea (2003–04) agus ina rúnaí ar an mBiúró Buan de Chumann Idirnáisiúnta Chomhdháil an Léinn Cheiltigh (2003–2018) gan trácht ar an iliomad cumann teangeolaíochta eile a raibh baint aige leo. Níl aon cheist ach gur scoláire ildánach fíorchumasach a bhí ann agus tá a shliocht sin ar a chuid foilseachán iomadúil ilteangach. Is liosta le háireamh de bhreis is céad alt agus leabhar é líon na bhfoilseachán a chuir sé amach, cuntas atá le fáil san fhéilscríbhinn a foilsíodh in ómós dó agus na trí fichid bliain bainte amach aige - A companion in linguistics: A festschrift for Anders Ahlqvist on the occasion of his sixtieth birthday (2006). Tiomnaíodh an dara himleabhar den iris Studia Celtica Fennica dó an bhliain chéanna, agus is ann atá téacs na chéad léachta a tugadh ina onóir, Léacht Ahlqvist, (Jaski: 2018). Nuair a chuimhnítear gur fhoilsigh sé tuilleadh eile go ceann blianta ina dhiaidh sin, léiríonn sé an saothar céadach a rinne sé ar an teangeolaíocht Cheilteach agus ar an tSean-Ghaeilge go háirithe. D’fhoilsigh sé roinnt ábhar i nGaeilge féin. Ar chuid de na teidil sin tá, ‘Gramadóirí Gaeilge agus Laidine’, in Léachtaí Cholm Cille XIV (1986); ‘Téarmaíocht Ghramadaí na Gaeilge’, in Studia Hibernica 24, (1988); Téarmaí gramadaí na Sean-Ghaeilge (1993); ‘Litriú na Gaeilge’ in Stair na Gaeilge (1994) agus ‘Téamaí agus Coincheapa’ in Téada dúchais: aistí in ómós don Ollamh Breandán Ó Madagáin (2002). Ar cheann dá chuid foilseachán ba luaithe agus ba thábhachtaí, tá an t-eagrán a rinne sé den téacs Auraicept na nÉces (Buntús an Scoláire). D’athraigh an foilseachán seo ó bhonn an tuiscint a bhí ag teangeolaithe ar thionchar luathscoláireacht theangeolaíochta na nGael ar chúrsaí léinn in Éirinn agus ar fud na hEorpa (Hayden 2018: 92).

D’éirigh Ahlqvist as a phost mar Ollamh le Sean-Ghaeilge agus le Teangeolaíocht Cheilteach i nGaillimh in 2005, ach ní raibh sé réidh lena chuid oibre fós. Ceapadh é i gCathaoir bhunaithe Sir Warwick Fairfax mar Ollamh le Ceiltis in Ollscoil Sydney na hAstráile in Iúil 2008, post a bhí aige go dtí 2013, nuair a chuaigh sé ar scor. Foilsíodh féilscríbhinn eile fós ina onóir an tráth sin: The land beneath the sea: essays in honour of Anders Ahlqvist’s contribution to Celtic studies in Australia (Sydney 2013). Idir an dá linn, d’oibrigh sé go dian dícheallach ag múineadh, ag eagrú comhdhálacha agus ag mealladh maoine i dtreo na dtionscadal éagsúil taighde a bhí idir lámha aige. Bhí suas le céad scoláire a fuair oiliúint uaidh le linn an ama sin. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar phobal na hollscoile agus bhí cumha mhór ina dhiaidh nuair a d’éirigh sé as.

Ba é a nádúr tacúil, suáilceach, daonna a thabhaigh an cion sin dó. Bhí Anders ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath tráth ar bhásaigh sé go tobann nuair a thit sé gan choinne ina theach saoire féin faoin tuath in aice le Heilsincí, ar an 23 Lúnasa 2018 san Fhionlainn. Adhlacadh é in éindí lena mhuintir in uaigh an teaghlaigh i bplota 19.2.240, i Reilig Sanduud, in Heilsincí. (San Fhionlainnis, tugtar Hietaniemi, ar an reilig chéanna). Ba mhór an méala a bhás do phobal scoláireachta an Léinn Cheiltigh ar fud an domhain chláir.

Lillis Ó Laoire

Leabhair

Ailt

Suíomh Idirlín

Eile

  • Ahlqvist, Judith (2020). Cumarsáid phearsanta.
  • Ó Flaithearta, M. (2023). Cumarsáid phearsanta.