MHAC AN tSAOI, Máire (1922–2021)

Duine de mhórfhilí na hÉireann ab ea Máire Mhac an tSaoi, ‘ceannródaí le Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Ríordáin sa tréimhse iarchogaidh’ dar le Louis de Paor. Ba é Margadh na saoire (1956) an chéad cheann de chúig chnuasach filíochta uaithi, chomh maith le haistriúcháin agus prós. Tar éis di céim a bhaint sa Léann Ceilteach, cháiligh sí mar abhcóide, d’fhill seal ar scoláireacht na Gaeilge, agus chaith tamall fada ina taidhleoir, sa Spáinn, sa Fhrainc agus i Nua-Eabhrac leis na Náisiúin Aontaithe, go dtí gur phós sí Conor Cruise O’Brien, taidhleoir agus scríbhneoir a bheadh ina aire rialtais, mar a bhí a hathair tráth, Seán McEntee.

Ar bhás di eisíodh ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn; bhí cuntas iarbháis agus aitheasc Louis de Paor ar Tuairisc.ie, cuntas iarbháis agus alt ‘Critics and fellow poets pay tribute’ in The Irish Times, agus i mí Dheireadh Fómhair 2022 d’fhoilsigh Comhar eagrán speisialta ina honóir.

I mBaile Átha Cliath ar 4 Aibreán 1922 a rugadh Máire Mhac an tSaoi. I mBéal Feirste a tógadh a hathair Seán McEntee, innealtóir a bhí ina chaptaen in Ard-Oifig an Phoist in 1916, a fuair suíochán Dála do Shinn Féin in 1918 agus a bheadh ar bhunaitheoirí Fhianna Fáil, agus ina Thánaiste. Ba ó Ghráinseach Mhóicléir, Co. Thiobraid Árainn a máthair Mairéad de Brún a bhí gníomhach freisin i seachtain na Cásca. Ag céilí i mBaile Átha Cliath in 1917 a casadh ar a chéile iad, agus ábhar ceilúrtha acu beirt, céim Mháistreachta i nGaeilge faighte aicise agus eisean scaoilte saor le fíorghairid ó phríosún Dartmoor i Sasana. I Séipéal Newman, an Coláiste Ollscoile, a phósadar in 1921 agus iad beirt agus mórán dá raibh i láthair ar a dteitheadh. Deartháir Mhairéad, an scoláire agus an scríbhneoir an Monsignor Pádraig de Brún a phós iad. Bhí beirt deartháireacha eile léi ina sagairt mór le rá freisin, Mícheál, a bhí ina cheann ar na Doiminiceánaigh sa Róimh agus ina chairdinéal, agus Muiris, sagart paróiste a scríobh The big sycamore (1958), agus saothair eile faoin ainm Joseph Brady. Bhíodar ar fad i Sinn Féin. Maidir le muintir McEntee ba é Seán amháin a bhí gníomhach i ngluaiseacht na saoirse. Bliain d’aois a bhí Máire, an tríú uair dá hathair bheith i ngéibheann. Sna blianta luatha ba é tuarastal a máthar a d’íoc an cíos ar oifig a hathar. Múinteoir matamaitice agus Gaeilge i Scoil Bhríde agus i gColáiste Alexandra ab ea í, agus léachtóir ina dhiaidh sin i gCeardscoil Ráth Maonais agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Fuair sí céadonóracha dúbailte sna nuatheangacha, mar a gheobhadh Máire ar ball, a scríobh gur bhean í a máthair go raibh sí bródúil agus ríméadach a shamhlú go raibh cosúlacht eatarthu.

Dlúthú ar an gceangal leis na Brúnaigh agus leis an nGaeilge araon ab ea ‘Tigh na Cille’ a thóg a huncail ‘Paddy’ – a dtugadh Máire an dara hathair air – i nDún Chaoin in 1925. As sin amach ba ghnách léi féin agus a deirfiúr Bairbre agus a deartháir Séamus agus a máthair fanacht ann suas le ráithe gach bliain. ‘Máire na Cille a scríobh an fhilíocht,’ a dúirt sí in agallamh agus í amach sna blianta. Is ar Choláiste Alexandra a chuaigh Máire ar scoil go dtí gur aistrigh sí in 1932, chuig Loreto Beaufort, an bhliain chéanna a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht agus a hathair ina Aire Airgeadais. Bhí sí i nDún Laoghaire lena tuismitheoirí le fáilte a chur roimh leagáid an Phápa a bhí tagtha don Chomhdháil Eocairisteach. Dhá bhliain déag a bhí sí nuair a thug Laetitia Fairfield, cara leis an teaghlach agus dlúthchara le Máire ar feadh a saoil chuig an Mór-Roinn í, mar a bhfaca sí caisleán Ludwig II in Bayern agus ceoldrámaí Mozart in Salzburg, agus a dóthain Gearmáinise aici ón scoil leis an libretto a thuiscint. I lár na ndéaga a bhí sí nuair tugadh isteach Bunreacht 1937. In agallamh in The Irish Times in 2015, luann sí argóint mhór idir a máthair agus a hathair faoin airteagal a dúirt nár cheart go mbeadh ar mháithreacha dul amach ag obair agus faillí a dhéanamh ina ndualgas sa teaghlach.

In aois a sé bliana déag thug sí faoi chéim sa Léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ag deireadh na chéad bhliana thug a tuismitheoirí ar saoire chuig an Normainn agus an Bhriotáin í. D’fhan sí sa Fhrainc ina ndiaidh, le teaghlach i mbaile cósta La Baule. Le linn an chogaidh, a thosaigh ar fhilleadh di, bhí sí ina bardach aer-ruathair agus sa choláiste bhí sí ina reachtaire ar an gCumann Liteartha, mar a mbíodh cairde liteartha a máthar agus a huncail Pádraig ina n-aoichainteoirí aici. Thaitin an aisteoireacht le Dramsoc chomh mór sin léi go ndearna sí agallamh do chompántas Amharclann na Mainistreach. Chreid sí gur focal óna hathair ba siocair le Lennox Robinson gan áit a thairiscint di, mar gur le dlí a shíl sé ba cheart di dul.

Le linn an dá bhliain a bhí sí in Óstaí an Rí is ea a bunaíodh Comhar agus is cosúil go raibh sí ar mheitheal na hirise ón tús. In eagrán na Nollag 1942 a foilsíodh an dán ‘Oíche Nollag’. Glaodh chun an bharra í, ach ba mhó a spéis sa Léann Ceilteach agus chaith sí an chéad dá bhliain eile ina taighdeoir cúnta in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath faoi Osborn Ó hAimhirgín, a chum dánta dá máthair tráth ach, a dúirt Máire, nár leasc leis fonóid fúithi féin. Ag cur eagar ar dhá théacs ó na meánaoiseanna a bhí sí agus ag scríobh tráchtas máistreachta ar Phiaras Feiritéar. Bhí scoláireacht taistil faighte aici ar thorthaí na céime agus ba é mian a croí dul chuig an Sorbonne, mar a rinne a huncail Pádraig de Brún. Nuair nárbh fhéidir sin a dhéanamh le linn an chogaidh, moladh di dul go Dún Éideann, ach sheas sí an fód agus i bhfómhar na bliana 1945 thosaigh sí san Institut des Hautes Etudes en Sorbonne, mar ar chaith sí dhá bhliain eile fós.

Ina ról seisean mar thiománaí le Cumann na Croise Deirge, casadh Samuel Beckett uirthi agus thug sé féin agus a bhean cuireadh chun dinnéir di. Bhí fear óg i bPáras a dtéadh sí chuig drámaí agus ceoldrámaí leis, ach b’in a raibh de shuim aici ann. Bhí altanna i mBéarla léi á bhfoilsiú in The Irish Press, agus in Comhar in 1948 foilsíodh ‘An bhean óg’, gearrscéal a dhéanann cur síos ar mháthair óg léannta, ar an trá in áit iargúlta le beirt iníonacha. Ní raibh ach smál amháin ar an tréimhse i bPáras, beart a tháinig ón Institiúid Ard-Léinn i mBaile Átha Cliath, eagráin den dá théacs Artúracha, agus nóta a dúirt gur imigh an té a bhí ag obair orthu gan nótaí ná foclóir a chur ar fáil. Is éard a tharla, is cosúil, gur chaill an cláraitheoir a cuid oibre. Samhradh cráite ar tí cliseadh néaróga, a thug sí air, gan rud ar bith a d’fhéadfadh iarmhairtí na cáinte neamhthuillte sin a chealú.

Chuir sí isteach ar phost léachtóra sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste ach ní bhfuair sí é. Ag cur a buaireamh as a ceann, chuaigh sí ar saoire go Washington le cara, agus chuig an Róimh lena deirfiúr Bairbre. Agus an bheirt bhan óga á gcur in aithne, luaití na huncailí, an triúr sagart. Is ann a bhuail Bairbre lena fear Frank, agus is é a gcéad mhac an buachaill atá luaite ina dán ‘An chéad bhróg’. Má dúnadh doras na hollscoile osclaíodh ceann eile nuair a ceapadh Máire ina treas rúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, an chéad bhean in Éirinn a fostaíodh i bpost taidhleoireachta thar lear. Chaith sí an chéad dá bhliain i bPáras agus an dá bhliain ina dhiaidh sin i Maidrid, mar ar léigh sí Lorca.

Nuair a léas an Romancero Gitano d’aithníos láithreach gurbh é seo mo shaghas-sa filíochta agus nárbh fhéidir a leithéid a scríobh im shaghas-sa Béarla ... is léir domhsa ó shoin go raibh treo agus siúráil faoi mo chuid bhéarsaíochta ón lá d’aistríos ‘La Casa Infidel’ in earrach na bliana 1951 ... agus is ag an am san d’éiríos as cumadh bhéarsaí Béarla. (Innti 13, 1990)

D’fhill sí ar Éirinn agus chaith ceithre bliana ar fhoireann English-Irish dictionary (1959) ag Tomás de Bhaldraithe. Tuarastal ar chaitheamh aimsire a thug sí air, laethanta gan Béarla a labhairt agus í ag plé arís le Comhar. Ní filíocht amháin a foilsíodh léi ann. Tá cáil ar an léirmheas, a scríobh sí ar Eireaball spideoige (1952), céad chnuasach filíochta Sheáin Uí Ríordáin. Ghoill an cáineadh a rinne sí ar a chuid Gaeilge go mór air agus níor mhaith sé riamh di é. Is ag an tráth seo freisin a chuir sí aithne arís ar an bhfear ar leag sí súil air den chéad uair agus í sé bliana déag. Tríocha bliain slán aici anois agus eisean scartha óna bhean, d’fhág sí tigh a muintire agus chuir sí fúithi in árasán ar Shráid Líosain. Trí bliana a mhair an caidreamh ónar eascair ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’. I ngan fhios di bhí bean óg eile ag a leannán.

Ach arís nuair a dhún doras amháin d’oscail ceann eile. Ní raibh sí i bhfad ar ais sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, nuair a foilsíodh Margadh na saoire (1956) an chéad chnuasach filíochta dá cuid féin, ar scríobh Seán Mac Réamoinn faoi in Comhar go raibh sé ‘ar na leabhair is tábhachtaí ar fad dár foilsíodh fós i nGaeilge na haoise seo.’ ‘... a prober of the condition of love,’ a thug an criticeoir John Jordan uirthi, ‘and no living Irish poet has brought more honesty and insight to the subject.’ San oifig, sna laethanta ciúine idir an dá Nollaig, d’iarr Conor Cruise O’Brien, a raibh deireadh tagtha lena phósadh, uirthi dul amach le haghaidh deoch. Mar a dúirt sí in agallamh [le Louis de Paor in 2015]: ‘Is deacair cailíní meabhracha a phósadh, ach féach go bhfuaireas-sa fear mo dhiongbhála.’ Bhí Conchúr, mar a thug sí air, ina cheannaire ar an gcéad toscaireacht ó Éirinn chuig na Naisiúin Aontaithe, agus Máire ar an bhfoireann aige. San agallamh céanna dúirt sí go raibh an t-ádh dearg uirthi i gcónaí.

Mar a tharla sé, is ag cosaint seasamh an Rialtais maidir le hairteagal 41 den Bhunreacht, nár aontaigh a máthair leis, a bhí Máire ina céad óráid i Nua-Eabhrac. ‘Óráid mhaith, ach ní bheidh mé ag aontú leat,’ a dúirt toscaire ón Iaráin léi, iníon le Gobharnóir na Bulgáire in impireacht na nOtamánach a raibh sí cairdiúil léi. Le Comhairle na hEorpa in Strasbourg, nach raibh rófhada ón mBruiséil a bhí a céad phostáil eile, mar a raibh fear a deirféar Bairbre ina ambasadóir. Ar bhainis a dearthár, Séamus, an té ab óige, a bhí na huncailí le chéile den uair dheireanach. An bhliain dar gcionn bhásaigh An Monsignor Pádraig de Brún, briseadh mór do Mháire. Agus an bhliain ina dhiaidh sin arís bhí a páirtí i gcroílár iarrachtaí tubaisteacha na Náisiún Aontaithe stop a chur le scaradh Katanga ón gCongó, tráth a fuair an tír sin neamhspleáchas ón mBeilg, a bhí ag tacú leis na scarthaigh mar go mbeadh teacht fós acu ar na hacmhainní a bhí ann. Chuaigh Máire amach le cur ina luí ar Chonchúr go raibh níos mó tacaíochta dó in Éirinn ná mar a thabharfadh tuairiscí ar an léigear ar bhuíon bheag saighdiúirí Éireannacha in Jadotville le fios, ach b’éigean dósan éirí as a phost agus rinne Máire amhlaidh freisin, ar an mbonn, a dúirt sí, go raibh sí le pósadh. Bheadh an cosc ar mhná pósta leanúint den obair sa státseirbhís i bhfeidhm go ceann breis is deich mbliana eile.

I Nua-Eabhrac ar 9 Eanáir 1962 a bhí an bhainis agus ó tharla nach i séipéal a bhí an chéad phósadh ag Conchúr, ceadaíodh pósadh eaglasta mar ba mhian le Máire. Ní dheachaigh a tuismitheoirí go Nua-Eabhrac ach bhíodar in éineacht leis an lánúin nua sa Róimh go gairid ina dhiaidh sin. Dúirt Máire faoina pósadh go raibh cúram aici ar deireadh a theastaigh uaithi i ndáiríre, tindeáil ar a fear agus ar na rudaí a raibh suim aige iontu. Is sa teach céanna a raibh cónaí ar Chonchúr lena chéad bhean a chuireadar fúthu, bungaló den seandéanamh i mBinn Éadair. Cé nár thaidhleoirí iad níos mó, ba mhinic a thug obair Chonchúir thar lear iad. Trí bliana i nGána ina uachtarán ollscoile agus ollúntacht dhá bhlian i Nua-Eabhrac nó gur fhilleadar ar Éirinn agus go bhfuair sé suíochán Dála don Lucht Oibre in olltoghchán na bliana 1969. Sna blianta sin freisin a d’uchtaigh siad Patrick agus Mairéad. Go luath tar éis a pósadh, bhí Máire ag iompar ach chaill sí an leanbh. Sa bhliain 1972 bhí sí féin agus Conchúr ina gcomhúdair ar A concise history of Ireland. (Viking/Thames and Hudson). In 1973 foilsíodh an dara cnuasach filíochta léi, Codladh an ghaiscígh. An bhliain chéanna ghlac sí páirt ghníomhach san fheachtas le Scoil Dhún Chaoin a choinneáil ar oscailt nuair a chaith sí seal ag múineadh ann agus ceapadh Conchúr ina aire rialtais nuair a tháinig an Lucht Oibre i gcumhacht le Fine Gael.

In 1980 foilsíodh an tríú cnuasach, An galar dubhach. Idir an dá linn bhí a shuíochán caillte ag Conchúr agus Máire gortaithe i dtimpiste agus í ag tiomáint na leanaí chun na scoile. Chabhraigh cuireadh a fuair sí ó Douglas Sealy léi múineadh in aon scoil leis teacht chuici féin arís. Bhí cuairteanna le Conchúr chuig an Aontas Sóivéadach agus Iosrael, agus tréimhse níos faide in New Hampshire idir 1984 agus 1986 nuair a bhí sí ag múineadh Gaeilge agus ag déanamh taighde ar Ghearóid Iarla. In Nicearagua bhí sí faoi dhraíocht ag sagairt den eite chlé a mheabhraigh a huncailí di. Nuair a bhris Conchúr baghcat le cuairt a thabhairt ar an Afraic Theas, ní dheachaigh Máire leis, ach in 1987, tráth ar foilsíodh an ceathrú cnuasach An cion go dtí seo, bhíodar in Philadelphia, eisean ag déanamh taighde don leabhar dá chuid ab ansa léi, The great melody: a thematic biography and commented anthology of Edmund Burke (1992), agus ise ag teagasc ar litríocht Bhéarla na hÉireann.

In 1991 bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh ar Mháire agus in 2005 ceapadh í ina hOllamh Oinigh le Léann na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Sna 1990idí bhí tréimhsí eile aici i Meiriceá, in Washington, North Carolina agus Manhattan. In 1996 ceapadh Máire ina ball d’Aosdána, ach chuir ceapadh Francis Stuart ina shaoi alltacht uirthi, fear a bhí ina spiadóir ag an Abwehr agus a rinne bolscaireacht ón nGearmáin le linn an Dara Cogadh Domhanda agus d’éirigh sí as Aosdána dá bharr. In 1999 foilsíodh an cúigiú cnuasach filíochta Shoa agus dánta eile.

Sa bhliain 2003 faoina hainm pósta Máire Cruise O’Brien, d’fhoilsigh O’Brien Press a dírbheathaisnéis, The same age as the State: the autobiography of Máire Cruise O’Brien. ‘Mar gur i mBéarla a scríobh sí scéal a beatha,’ a dúirt Mícheál Mac Craith in Míorúilt an pharóiste: aistí ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi (2014), ‘is beag aird a thug léirmheastóirí Béarla ar a saol liteartha i gcomparáid lena saol poiblí.’

Tar éis casadh an chéid, bhí trí leabhar mar thoradh ar an taighde ar Ghearóid Iarla. A bhean óg ón... a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht in 2001. Cérbh í Meg Russell? a d’fhoilsigh Leabhar Breac i gcomhar le hIonad Léann na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in 2008. Toisc Conchúr a bheith go dona tinn is sa teach i mBinn Éadair a seoladh an leabhar agus níos deireanaí an oíche sin tháinig scéala a bháis. In 2011 d’fhoilsigh Leabhar Breac Scéal Ghearóid Iarla a fuair Gradam Uí Shúilleabháin na bliana sin. Sa bhliain 2013, arís i gcomhar le hIonad Léann na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, d’fhoilsigh Leabhar Breac Marbhnaí Duino, aistriúchán Mháire ar dhán fada Rilke, filleadh ar oidhreacht aistriúcháin a huncail Pádraig, agus ar a céad turas féin ar an Mór-Roinn agus an Ghearmáinis aici beagnach ceithre scór bliain roimhe.

In 2011 agus Máire nach mór nócha bliain d’aois, d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta/O’Brien Press, An paróiste míorúilteach/The miraculous parish, eagrán dátheangach de na dánta, ina bhfuil réamhaiste le heagarthóir an leabhair, Louis de Paor, a chuir eagar ar Míorúilt an pharóiste (2014), cnuasach aistí idir shean agus nua, ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi. Ba é freisin a bhí ina chomhscríbhneoir leis an stiúrthóir Paula Kehoe ar an scannán, Deargdhúil: anatomy of a passion (Saoi Media do Ildána, 2015), a bhreathnaíonn ar shaol, ar shaothar agus ar shamhlaíocht fhileata Mháire. Mar seo a rinne Kehoe cur síos uirthi: ‘While there is this incredible, transgressive, radical nature to Máire, she is also quite conservative. She has that poetry zone where anything is allowed and then, of course, there is the public persona, and that’s a different thing.’

‘Máire na Cille a scríobh an fhilíocht,’ a dúirt Máire féin. Paula Kehoe arís:

She has always defied definition. For example, there was every reason why feminists, artists and poets in the 1970s wanted her to come on board with that movement but that was not her thing at all. She said: ‘I had always wanted to be married and have children. I had a career. I gave it away.’ She wasn’t having any of it. There’s a line in her autobiography: ‘When I got married I felt like a real person.’ When I read that it was really challenging on so many levels. She is quite singular and complex, and at times difficult.

I léirmheas san iris Breac in 2015, deir Patricia Coughlan go raibh Máire Mhac an tSaoi fiche bliain chun tosaigh ar fhilí a bhí ag scríobh i mBéarla, Eavan Boland, Eiléan Ní Chuilleanáin agus ina réamhtheachtaire a chuaigh i bhfeidhm ar fhilí Gaeilge, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson agus ar Mary O’Malley leis. Luann sí leis go bhfuil castacht ag roinnt lena scríobhann sí faoin mbanúlacht, braistintí atá inmheánaithe go pointe, d’fhuath ban ó thraidisiún na hÉireann.

Ina réamhrá le Leabhar na hathghabhála: Poems of repossession, 2016, beireann Louis de Paor ar shnáthanna a thagann le chéile i bhfilíocht Máire Mhac an tSaoi.

The tension between religious beliefs, contemporary social mores, and the more transgressive elements of female desire is central to the best of her work from the 1940s and 1950s … The combination of spoken dialect enhanced by references and usages drawn from the older literature, and regular metrical forms contribute to a poetic voice that seems to resonate with the accumulated authority of an unbroken tradition.

Ar 16 Samhain 2021 bhásaigh Máire sa bhaile faoi chúram a hiníne. I nGlas Naíon a bhí aifreann na sochraide agus is ann a adhlacadh í. Ba é an file is an scoláire Louis de Paor a thug an t-aitheasc.

Éilis Ní Anluain

Leabhair

Ailt