MALONEY, Bríd (1982–2012)

D’ainneoin a óige is a bhí Bríd Maloney nuair a bhásaigh sí go tobann ar Oíche Shean-Bhealtaine 2012 (11 Bealtaine), in aois a deich mbliana fichead, d’éirigh léi go leor a bhaint amach sa ghairm a thogh sí di féin, mar atá, léiriúchán teilifíse. Sa tréimhse ghearr a chaith sí ag obair go gairmiúil bhí cáil bainte amach aici mar dhuine de na léiritheoirí teilifíse ba rathúla a bhí ag obair in earnáil na Gaeilge.

Rugadh Bríd Maloney ar Oíche Fhéile Bríde (31 Eanáir) sa bhliain 1982, rud a spreag a hainm, is dóigh. Ba í an dara duine de cheathrar clainne a bhí ag Ciarán agus Clare Maloney as Poll Broc, Tigh Beannáin, in aice le Baile an Ghearlánaigh i gContae Lú. Bhí a deirfiúr Mary níos sine ná í agus bhí beirt deartháireacha aici, Darragh agus Dónal. Bhí suim sa Ghaeilge ag an teaghlach. Is aint léi an craoltóir agus an t-éiceolaí cáiliúil Éanna Ní Lamhna, deirfiúr dá máthair. Mar ba dual muintire di, chuir Bríd suim sa Ghaeilge go hóg ar an bhunscoil áitiúil agus fuair sí a cuid meánscolaíochta i gColáiste Rís, meánscoil lán-Ghaeilge i nDún Dealgan. Ina dhiaidh sin, bhain sí céim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

I ndiaidh bliain taistil, d’fhill Bríd ar Éirinn agus chríochnaigh sí cúrsa máistir i gcúrsaí bainistíochta. As sin, fuair sí post mar bhainisteoir ar shiopa earraí spóirt in Iúr Cinn Trá. Ach níorbh ansin a bhí a spéis dáiríre. Agus dá bhrí sin, d’fhill sí ar Ghaillimh arís, mar a ndearna sí céim mháistir san iriseoireacht chraolta. Ba san earnáil sin a bhí sí ag obair nó gur sciob an bás go hanabaí í.

Thosaigh Bríd ag obair in earnáil an raidió sular aistrigh sí go buan go dtí cúrsaí teilifíse. Ar na cláir a rinne sí, bhí Faire (2009), clár faoi nósanna a bhain leis an bhás; agus The bothy boy (2011), faoi shaol an cheoltóra Micheál Ó Domhnaill, clár a thuill ainmniúchán di do ghradam ag Féile na Meán Ceilteach. Sular bhásaigh sí, bhí sí go díreach ar tí Amhráin aduaidh a chríochnú don chomhlacht Clean Slate, sraith a bhain le hamhráin Ghaeilge Chúige Uladh. Is féidir mír as an chlár sin a fheiceáil anseo.

Bhí cáil ar Bhríd mar dhuine suáilceach, sochaideartha agus é maíte uirthi go mbainfeadh sí greann as aon suíomh ina mbeadh sí ba chuma cén teannas a bhain leis. Ba mhór an cuidiú an tréith sin di ina saol oibre. Bhí ar a cumas daoine a bhí ar lagmhisneach a spreagadh agus Gaeilge a mhealladh as daoine a raibh sí acu ach iad a bheith faiteach doicheallach faoina labhairt. Bhí an teist chéanna uirthi i measc a comhghleacaithe agus deirtear fúithi go nglacadh sí le comhairle gan deacracht dá laghad. Chuir sí agallamh ar roinnt mhaith pearsan sna meáin, Dermot O’Brien, an ceoltóir iomráiteach as a contae dúchais féin, agus an t-aisteoir cáiliúil Mick Lally ina measc.

Bhí sí cineálta fosta. Go gearr roimh a bás, thairg sí a teach do chomhghleacaí léi le maireachtáil ann a fhad agus bheadh a teach féin á chóiriú. Bhí beirt chlainne ag a comhghleacaí agus dar le Bríd nár cheart go mbeadh orthusan cur suas leis an aimhréidh agus an trangláil a thiocfadh de bharr obair na tógála. Ba bheag, a dúirt sí, a chuirfeadh a leithéid isteach uirthi féin.

Bhí dúil mhór ag Bríd sa cheol thraidisiúnta diomaite dá cuid oibre. Fliúiteadóir cumasach a bhí inti agus ghlacadh sí páirt go rialta sna seisiúin cheoil i gcathair Bhéal Feirste mar a raibh cónaí uirthi. Go díreach bliain i ndiaidh a báis d’eagraigh a comhcheoltóir as Dún Dealgan, Donal O’Connor, ceolchoirm chuimhneacháin, ‘Oíche Bhríde,’ in Amharclann Black Box, Béal Feirste mar chomhartha ómóis di mar chuid d’fhéile ealaíon Cheathrú na hArdeaglaise (Cathedral Quarter) sa chathair. Ghlac Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill páirt ann chomh maith le mórán ceoltóirí aonair agus grúpaí aitheanta eile. Bronnadh sochar na hoíche ar Ospís na Leanaí agus Gléigeal Gáire, eagraíocht a spreagann an ceol traidisiúnta i measc foghlaimeoirí lánfhásta.

Adhlacadh í i dTigh Beannáin, Co. Lú.

Lillis Ó Laoire

Ailt