MAC GIOLLA BHRÍGHDE, Tomás (1923–2013)
Le caoinchead ó Eoin McGarvey

Ar an 9 Iúil 1923 a rugadh Tomás Mac Giolla Bhríghde (Tom an Bhungaló) in Ard na gCeapairí i nGaoth Dobhair, Tír Chonaill. Ba mhac é le Hugh Mór Thomáis Bhidí Mac Giolla Bhríghde ó Ard na gCeapairí agus Mary Sheáin an Dualtaigh Ní Ghallchóir ó Mhachaire Chlochair. Bhí beirt deirfiúracha aige, Máire agus Caitlín. Fuair sé a chuid bunoideachais i Scoil Mhuire, Doirí Beaga, agus a chuid meánoideachais mar scoláire cónaithe i gColáiste Chaisleán Cnucha, Baile Átha Cliath. Bhain sé céim sa chuntasaíocht amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ghlac sé páirt i ndrámaí san ollscoil le Barry Cassin agus Siobhán McKenna. Bhí sé gníomhach i gCumann Thír Chonaill a bunaíodh in 1935 le Conallaigh i mBaile Átha Cliath a thabhairt le chéile.

D’fhill sé chun an bhaile go Tír Chonaill agus chuaigh sé i mbun gnó mar chuntasóir agus mar iniúchóir. Bhí a ghnó gnóthach féin aige ar feadh blianta fada i Leitir Ceanainn: T. J. McBride, Chartered Accountants. Phós sé Mary Frances McDaid ó Dhoire in 1951 agus thóg siad ochtar clainne, ceathrar iníonacha: Mary, Dara, Bróna agus Ailbhe; agus ceathrar mac: Hugh, Conor, Tomás agus Eoghan.

Bhí féith na fiontraíochta go smior san fhuil ag Clann Mhic Giolla Bhríghde. Bhí teach ósta agus monarcha cniotála ag a mhuintir ar feadh blianta fada a chuir cuid mhór oibre ar fáil sa cheantar. Ba é an lagar eacnamaíochta sna 1930idí a chuir deireadh leis an óstán agus ba iad an Cogadh Eacnamaíochta 1932–8 agus an Dara Cogadh Domhanda a rinne scrios ar an chniotáil. Bhí Tomás ar dhuine den chúigear fear gnó a chonaic go raibh géarghá le fostaíocht a chruthú i nGaeltacht Thír Chonaill sna 1960idí. Cheannaigh Donegal Industrial Estates Ltd. thar chéad acra de screabán lom ó Choimisiún na Talún in 1965 agus iad ag smaoineamh ar dhóigh phraiticiúil le comóradh a dhéanamh ar chuimhneachán caoga bliain Éirí Amach 1916. Dhíol siad é le Gaeltarra Éireann ar an luach chéanna in 1967. Ba é seo mar a cuireadh tús le hEastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair, An Screabán. Fís agus fiontraíocht Thomáis agus a chomrádaithe a leag an dúshraith don fhás eacnamaíochta agus don chruthú fostaíochta a tharla sna blianta ina dhiaidh sin in iarthuaisceart Thír Chonaill.

Bhí Tomás ina bhall d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair, a cuireadh ar bun in 1931, idir na blianta 1938 agus 2013. Bhí sé páirteach mar aisteoir i ndrámaí móra an chumainn: Neart na córa, An pháirc, Muiris Ó hAirt agus go leor eile. Ba é a léirigh Bliain an tsiúlóra, An strainséir dubh, Aintín Shéarlais, Rún an oileáin agus drámaí go leor eile. Bhí an-bhaint aige leis na geamaireachtaí – ocht gcinn acu a léiríodh ó 1962 go 1973 – mar údar, mar léiritheoir agus mar aisteoir. Bhí sé sároilte i ngach gné den drámaíocht: mar aisteoir, mar fhear soilse, ag plé le smideadh, chomh maith le bheith ina scríbhneoir agus ina léiritheoir.

Scríobh sé dhá bhundráma. Ba é a scríobh agus a léirigh Bánú an lae, dráma atá suite le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn, le hAisteoirí Ghaoth Dobhair in 1964. Léirigh a mhac Eoghan an dráma arís in 2016. Scríobh sé Shoilsigh solas sa dorchadas, a insint féin ar scéal Pháis Íosa Críost. Chuaigh an dráma seo i bhfeidhm go mór ar na sluaite a chonaic é in Amharclann Ghaoth Dobhair i dtrátha na Cásca in 1986, 1987, 1998 agus in 2007.

Ba é a bhí i mbun Aisteoirí agus Amharclann Ghaoth Dobhair, a osclaíodh in 1961, ó 1981 go 2013, mar chomharba ar a chol ceathar Áine Nic Giolla Bhríde. Ghlac cuid mhór de na haisteoirí ar thug sé oiliúint agus spreagadh dóibh páirt i sraithdhrámaí TG4 ina dhiaidh sin: CU Burn, Gleann Ceo, Ros na Rún. Chloígh sé go docht daingean le polasaí na hamharclainne gan ach léirithe Gaeilge amháin a chur ar an ardán ann. Chonaic lucht féachana TG4 seo go soiléir i gclár teilifíse, Craic, in 1997 nuair a taispeánadh fógra bréige go mbeadh dráma i mBéarla san amharclann an tseachtain ina dhiaidh sin!

Ghlac Tomás suim faoi leith sna haisteoirí óga i gCeardscoil Dhoirí Beaga agus ina dhiaidh sin i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Bhain a chuid léirithe Scothléiriú na Féile ag an Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta ceithre huaire: in 1970 agus 1994 le Caitlín Ní Uallacháin; in 2009 le Chun na farraige síos; agus in 2013, bliain a bháis, le An fear a phós balbhán. Bhíodh sé bródúil gur bhain a chuid aisteoirí óga caoga duais aisteoireachta ag na féilte i gcaitheamh na mblianta. Bhí lorg a láimhe le feiceáil go soiléir ar na drámaí, na cabarets agus na hagallaimh bheirte a bhuaigh craobhacha agus gradaim náisiúnta go leor don Phobalscoil ag Slógadh Ghael-Linn ar feadh blianta.

Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim oinigh ar Thomás in 2005 mar aitheantas as an bhaint a bhí aige le cruthú fostaíochta sa cheantar agus i gcur chun cinn na n-ealaíon, an chultúir agus na Gaeilge.

Bhí clú agus cáil ar an tsiopa leabhar, Teach Thomáis, a bhí ag Tomás agus Mary in Ard na gCeapairí ar feadh blianta fada.

Chum Tomás amhráin, agallaimh agus dánta go leor. Tá an t-amhrán a chum sé faoi Oileán Ghabhla, ‘Céad slán leis an oileán’, taifeadta ag go leor amhránaithe agus grúpaí ceoil. Is amhrán é atá bunaithe ar eachtra thubaisteach a tharla in 1931 nuair a bádh Eddie, Johnie agus Andaí Mac Suibhne, triúr deartháireacha ó Oileán Ghabhla, agus a gcomharsa Séarlaí Mór Ó Duibhir, nuair a bhí siad ag iascaireacht bradán ar an Celtic. Ba í Gráinne Nic Giolla Bhríghde, dlúthchara de chuid Thomáis, a chan é den chéad uair sa gheamaireacht Mac Rí Uladh in Amharclann Ghaoth Dobhair in 1970, i dtrátha an ama a bhí Oileán Ghabhla á bhánú.

Bhí Tomás gníomhach i ngach gné de shaol Ghaoth Dobhair. Thug sé a chuid ama, a chomhairle agus a chuidiú do Chomhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair, do Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus do chomharchumainn eile ar fud Thír Chonaill. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Raidió na Gaeltachta ar feadh roinnt blianta.

Fuair sé bás ar an 9 Nollaig 2013 agus cuireadh é i Reilig Mhachaire Gathlán. Chum Pádraig Mac Giolla Easboic marbhna cumhachtach ina chuimhne. Seo blaiseadh beag de:

Do na gleanntáin ghlasa ba mhór do ghrá

Is cuirfear crothnú ar do choiscéim i mbéal na trá

In amharclann na bhflaitheas, a Tom, go raibh tú anocht sa ghlóir

Is le seanaisteoirí Ghaoth Dobhair beidh agaibh geamaireacht ar dóigh.

Noel Ó Gallchóir