FARMER, Dónall (1937–2018)
Le caoinchead ó RTÉ

Ar an Linn Dubh i gcathair Chorcaí a saolaíodh Dónall Farmer ar an 24 Samhain 1937. Ba é an duine ba shine d’ochtar clainne a bhí ag John Farmer agus ag a bhean chéile, Margaret (Bagnell): Dónall, Thomas, Madeline, John, Phil, Kathleen, Maria agus Tina. D’fhreastail sé ar an Mainistir Thuaidh agus ina dhiaidh sin ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar bhain sé céim sna dána amach. Ba le linn dó a bheith ansiúd a chuir sé suim sa Ghaeilge agus ba ann freisin a chuaigh an t-oideachasóir, an file agus an dramadóir, Seán Ó Tuama, i bhfeidhm go mór air. D’fhás dáimh ar leith eatarthu a mhair fad agus a mhair siad. Ba é an Tuamach a thug Dónall go Corca Dhuibhne agus go Brú na Gráige den chéad uair in 1956 agus thaitin an áit chomh mór sin leis go ndearna sé cosán dearg ann ina dhiaidh sin – go deimhin ba ann a chaith sé féin agus a bhean chéile, Colette Mulcahy, mí na meala nuair a phós siad.

Le linn a chuid ollscolaíochta ghlac Dónall Farmer páirt i mórán chuile dhráma a scríobh Seán Ó Tuama tráth a mbíodh Compántas Chorcaí (a bhunaigh an Tuamach agus Dónall Ó Donnabháin) á gcur ar stáitse i gColáiste an Cheoil. Bhí baint aige freisin le compántas eile de chuid Uí Dhonnabháin, Theatre of the South.

Agus céim bainte amach aige sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, thug Dónall aghaidh ar Birmingham Shasana áit ar thug sé faoi pé cineál oibre a tháinig ina bhealach: ‘múinteoireacht, tréadaíocht gabhar agus déanamh pióg’ dá réir féin. Ar fhilleadh ar Éirinn dó chuaigh sé ag teagasc i Scoil Bhráithre na Toirbhearta ar an Muirdíog ina chathair dhúchais. Athmhúsclaíodh a shuim sa drámaíocht agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an chompántais drámaíochta Everyman i gcuideachta an Tuamaigh, Uí Dhonnabháin agus Sheáin Uí Shé.

Nuair a bhog sé go Baile Átha Cliath phós sé Colette Mulcahy as Domhnach Broc agus chaith dhá scór bliain ag obair in RTÉ. Saolaíodh triúr clainne dóibh: Orla, Catherine agus Dónall. Bhí sé ar dhuine de bhuíon ógánach a d’fhostaigh agus a thraenáil RTÉ mar léiritheoirí in 1964 agus gan stáisiún teilifíse na heagraíochta sin ar an aer ach cúpla bliain. Bhí Seán Ó Mórdha agus Eoghan Harris ar bheirt eile acu, agus eatarthu ar fad bhí baint nach beag acu leis an mbonn láidir a cuireadh faoin stáisiún nuabhunaithe. Ba le réimse na drámaíochta a bhain Farmer agus ní raibh caite in RTÉ aige ach cúig bliana nuair a bhuaigh sé Gradam Jacobs as an léiriú a rinne sé ar chlár dar teideal Looking into drama. Ach níor chaill sé riamh an dúil a bhí aige san aisteoireacht féin. I gcaitheamh a shaoil, chomh fada agus a d’fhéad sé, mheasc sé an aisteoireacht stáitse agus ceamara leis an stiúradh agus leis an léiriú – go fiú agus gur léirigh sé roinnt eagrán den sobaldráma ba mhó a thuill cáil dó féin sular ghlac sé páirt aisteoireachta ann, Glenroe.

Léirigh agus stiúir Dónall Farmer os cionn leathchéad eagrán de The Riordans, an chéad sobaldráma teilifíse a chraol RTÉ, agus ceapadh mar cheannasaí drámaíochta san eagraíocht sin é in 1971. Stiúir sé cláir go leor freisin nach raibh aon bhaint acu le drámaíocht, Landmark agus Garda patrol, cuir i gcás, ach ba í an aisteoireacht ab ansa leis i gcónaí, agus in 1978 d’fhág sé slán ag an bpost buan a bhí aige in RTÉ.

Faoin tráth sin bhí léiriú nó stiúradh déanta aige ar os cionn scór scannán agus sraith do RTÉ i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc, Ó Dúill, An fear faire, A haon is a haon sin a haon. Ba é a léirigh an tsraith Murphy agus a chairde (1963–7) inarbh é Eugene Lambert an puipéadóir agus ar le Chris Curran an glór – Corcaíoch eile. Ba é a stiúir The field, scannán dubh agus bán bunaithe ar dhráma le John B. Keane in 1968, agus ceann eile a bhí bunaithe ar dhráma le John Murphy, The country boy.

Chaith sé dhá scór bliain, nach mór, ina dhiaidh sin os comhair an cheamara nó ar an stáitse nó ag stiúradh drámaí i nGaeilge agus i mBéarla i móramharclanna na tíre agus i gcinn nárbh iad. Bhí sé naoi mbliana in Amharclann na Mainistreach (1980–9). Ní raibh comhluadar ab fhearr leis ná comhluadar a chomhghleacaithe agus b’fhearr sin arís dá mba dá bhunadh féin iad – bhí cairdeas faoi leith idir é agus aisteoirí as Corcaigh, dream a bhí líonmhar lena linn: Niall Tóibín, Joe Lynch, Chris Curran, Eddie agus Geoff Golden agus a leithéidí.

Ar na drámaí Gaeilge a raibh Dónall Farmer ina aisteoir iontu agus é in Amharclann na Mainistreach bhí Cúirt an mheán oíche, An béal bocht, Scéal scéalaí, Dan Pheaidí Aindí agus Gach neach beo. Rinne sé stiúradh ar dhrámaí ansiúd chomh maith: Díorma don bhás, Lig sinn i gcathú, Ó Dúill agus Fiche bliain ag fás. Ba nós leis a bheith ina mholtóir freisin ag féilte drámaíochta Gaeilge. Bhí sé páirteach i mórchuid drámaí Béarla le linn an achair sin freisin, ina measc The field, Endgame, Sive, The drums of Father Ned, Tarry Flynn, Hamlet, Translations, Mr Joyce is Leaving Paris agus Kolbe.

Nuair a rinneadh scannán de Cúirt an mheán oíche ba ag Dónal a bhí páirt an tSeanduine shuaraigh mar a bhí roimhe sin ar stáitse na Mainistreach. Thuill sé ardmholadh agus Gradam Jacobs as a chuid aisteoireachta sa scannán Deeply regretted (1978), bunaithe ar scéal le Maeve Binchy a chóirigh an t-údar féin. Bhí sé i sraith cháiliúil teilifíse RTÉ Strumpet City, in Ballykissangel a rinne an BBC agus in Remington Steele, sraith ina raibh an phríomhphairt ag an aisteoir Pierce Brosnan agus a léirigh an comhlacht Meiriceánach MTM.

Ach ba iad na blianta (1983–2001) a chaith sé i bpáirt Fr Tim Devereux i sobaldráma teilifíse RTÉ Glenroe a d’fhág gur chuir pobal na hÉireann aithne leitheadach ar Dhónall Farmer mar aisteoir.

Nuair a scar sé féin agus a bhean Colette óna chéile phós sé Eileen Fitzgerald.

Bhásaigh Dónall Farmer ar an 6 Nollaig 2018.

Mártan Ó Ciardha