Áiríonn Seán Ó Lúing é i measc na ndaoine ba chéimiúla sa ghluaiseacht náisiúnta i dtús an chéid. Ba é a bhí sa chathaoir ag an gcruinniú a bheartaigh ’98 a chomóradh. Dlúthchara le hArt Ó Gríofa agus Liam Ó Maolruanaidh ba ea é agus ball bunaidh den Chumann Liteartha Ceilteach agus de Shinn Féin .

I mBaile Átha Cliath a rugadh é ach b’as Gaillimh do mhuintir a athar agus b’as Cill Dara do mhuintir na máthar. I bPlás Pharnell i gCrois Araild a bhí cónaí ar an gclann. Múinteoirí scoile ba ea na tuismitheoirí. I gcuntas in Catholic Bulletin, Eanáir 1929, tugtar le tuiscint go raibh a sheanathair páirteach in Éirí Amach 1798 agus go raibh a athair ina rúnaí ag The Felon Club a bunaíodh tar éis 1848 chun polasaí Sheáin Mistéil a chur i gcrích. Deirtear ann freisin go raibh baint ag an gclann leis na Fíníní. Sna hoctóidí bhí Henry an-ghníomhach san fheachtas a cuireadh ar siúl d’fhonn ainmneacha náisiúnaithe a bheith ar liostaí na vótóirí. Luaitear sa chomhthéacs seo an bua a rug Sir Thomas Esmonde sa Dún Theas, toghlach a measadh a bhí ina dhaingean ag Aontachtaithe. Ba é a mhol go mbunófaí cumann peile Fintan Lalor i gCrois Araild.

Bhí baint aige le Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus tuairiscíodh in Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1896, go raibh sé ag áitiú ag cruinniú den Chumann Staidrimh go múinfí an Ghaeilge sna scoileanna. An mhí chéanna sin bhí aiste aige in Shan Van Vocht i dtaobh conas ab fhéidir an teanga a shábháil. Bhí sé ar dhuine de stiúrthóirí an United Irishman. Labhraíodh sé ag cruinnithe poiblí i bhFaiche an Choláiste i bhfabhar na mBórach. Bhí sé ar dhuine den seisear ba mhó a bhí ag agóid in aghaidh fáilte a chur roimh Rí Edward. Ball de Chraobh Dhroim Conrach de Chonradh na Gaeilge ba ea é.

Deirtear in Irish Book Lover, Iúil-Nollaig 1928, gurbh é an ball ba ghníomhaí é i gCumann na Leabharlann, dream a bhí ag iarraidh go mbunófaí leabharlanna poiblí ar fud na hÉireann. Bhíodh aistí i gcló aige in iris an Chumainn, An Leabharlann (1905–9). Bhain ceann díobh in uimhir Aibreán 1906 le beatha agus saothar Sheáin Uí Dhonnabháin, agus san imleabhar deireanach tá litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis don Dún in eagar aige féin agus Dónall Ó Conchubhair.

Phós sé 16 Lúnasa 1889 Mary Gillis in Eaglais na gCairmilíteach, Sráid na mBráithre Bána, Baile Átha Cliath. Bhí cónaí air ag 15 Plás Pharnell, Crois Araild, ag an am agus ba é Henry Dixon, cuntasóir, a athair (cé gur ‘múinteoir’ a bhí ráite i gcuntas an Catholic Bulletin). Cléireach dlí ba ea é féin. Iníon le grósaeir i nDún Dealgan ba ea Mary Gillis.

Faoi 1911 bhí cónaí ar an gclann ag 19 Bóthar na Cabraí. Líon sé foirm an Daonáirimh go hiomlán i nGaeilge. ‘Hannraoi Ó Dioscoin’ a thug sé air féin. Thug sé le fios go raibh sé 52 bliana d’aois, agus go raibh Gaeilge aige. Ní raibh sí ag a bhean Máire (49) ach bhí sí ag na leanaí go léir: Seosamh (20), Máire (19), Bríd (18), Gráinne (15), Diarmuid (10), Eithne (8). Bhí cailín aimsire acu, Mairéad Ní Dhonnabháin ó Chontae Chorcaí, a raibh Gaeilge aici freisin. Bhí triúr den chlann i mbun léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Tá an cur síos seo air ag Seán T. Ceallaigh in Seán T.: scéal a bheatha á insint ag Seán T. Ó Ceallaigh, 1963: ‘Chaitheadh sé féasóg mhór fhada a bhí beagáinín liath, agus idir gach uile rud, cheapfá gur seanduine a bhí ann, ba chuma cén aois a bhí aige’.

Ní raibh sé sna hÓglaigh agus níor ghlac páirt san Éirí Amach. Ach gabhadh é agus d’oir sé don Catholic Bulletin a thuairisciú gur chuir sé teachtaireacht amach ó Bheairic Richmond go gcuirfí 400 nó 500 paidríní isteach chuig na príosúnaigh, rud a rinneadh! Chaith sé tamall maith i bhFrongoch. In Fáinne an Lae, Eanáir 1929, cuimhníodh go léadh sé caibidil de Searc-Leanamhain Chríost in aghaidh an lae ann. Bhí sé i bpríosún Reading freisin agus i gCampa Bhaile Choinnleora. Bhí sé ina phríomhchléireach in oifig aturnae agus nuair a cháiligh a mhac Seosamh mar aturnae d’aistrigh sé go dtí a oifigsean i gCearnóg Pharnell. Bhí sé ag trasnú na sráide in aice na hoifige 4 Nollaig 1928 nuair a leag carr é gur mharaigh é. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú