Agus é ag fágáil Reuters ar pinsean bhí an post ab airde aige san áisínteacht mhór idirnáisiúnta seo. Ag ‘South Hill Cottage’, Luimneach a rugadh é ar 28 Bealtaine 1885. Taistealaí tráchtála ba ea a athair Patrick, agus ba í Kate McCoy a mháthair. Bhí sé ar scoil ag na Slánaitheoraigh ann agus i scrúdú meánteistiméireachta 1900 bhain sé an chéad áit in Éirinn sa Ghaeilge agus sa Ghréigis. Scríobh Osborn Ó hAimhirgín véarsaí (‘Do gharsún do rug an phríomh-dhuais sa Ghaedhilg’) ag déanamh comhghairdeachais leis.

A chara dhil de sheana-stoc na saoi léigheanta

Rug barra leat is gradam gach ealadhan aosta

Is mairg liom ná feaca seal do ghnaoi aerach

’S go bh’fhearr bheith a’ labhairt leat ná a srcí ’bhéarsa.

(Maidean i mBéarra agus dánta eile, 1918)

I samhradh 1901 agus é ar saoire i gCill Chaoi scríobh sé síos scéalta i nGaeilge ó sheanbhean ann. Foilsíodh iad in Béaloideas 25 (1957).

Chéimnigh sé ó Ollscoil Ríoga na hÉireann (Coláiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath) i 1906. Fuair sé post ansin san Éigipt ar fhoireann an Egyptian Standard, páipéar a raibh sé ina eagarthóir air ar ball. Bhí sé ina chomhfhreagraí ag an Manchester Guardian i gConstantinople agus ó 1908 amach ag obair do Reuters, i dTeheran i dtosach agus ar ais i gConstantinople arís nuair a bhris an Cogadh Mór amach i 1914. Ar a bealach go dtí Mytilene chonaic sé longa cogaidh Gearmáineacha sna Dardanelles. Chuir sé scéal chuig Reuters go raibh oifigigh airm na Tuirce ag déanamh caidrimh le hoifigigh Ghearmáineacha. Sórt scúip ba ea an scéal seo ag an am sin mar ní raibh an Tuirc fós páirteach sa chogadh.

Bhí sé anseo agus ansiúd go dtí gur ceapadh é ina Bhainisteoir Ginearálta i Reuters i 1937. ‘He was the doyen of that picked band of British agency correspondents who, between the wars and earlier, were influential figures up and down the world’, a dúirt The Times faoi nuair a d’éag sé ar 19 Feabhra 1968. Dar le D. A. Binchy sa léacht cuimhneacháin a thug sé ar an Aimhirgíneach (Márta 1968) nár dhearmad Moloney a chuid Gaeilge riamh agus gur inti is mó a dhéanadh sé comhfhreagras leis an Aimhirgíneach i rith a shaoil. Bhí Araibis, Peirsis, Hionduis, Fraincis, Iodáilis, Ioruais agus Gearmáinis ar a thoil aige freisin. Bhí sé pósta ar Catherine Elliott, iníon le hAmbasadóir na Breataine sa Ghréig, agus bhí mac agus iníon acu.

Bhí aiste ina thaobh in Scéala Éireann 24 Eanáir 1944 nuair a tharla ar cuairt i mBaile Átha Cliath é. ‘When general manager for Reuter’s in India in 1937 he used to communicate with his old friend Mr J.T. Donovan (now secretary of the IBOA and then a district magistrate in Bengal) in Irish. By this cover many news scoops were covered (sic)’. Deirtear san aiste chéanna gur chaith Moloney tamall gairid ina oifigeach de chuid Bhord na gCeantar Cúng go dtí gur fhág sé Éire i 1906. Sa Pheirs a cheangail sé le comhlacht Reuter an chéad lá. Tá a chomhfhreagras le Hanna agus Frank Sheehy-Skeffington ar fail i gcartlanna Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú