NILSEN, Ken (1947–2012)

Rugadh Ken Nilsen ar 29 Deireadh Fómhair 1947 in Brooklyn, Nua-Eabhrac, do thuismitheoirí a shíolraigh ón Iorua agus ó Éirinn. Bhí an-tionchar ag an oidhreacht seo air agus as sin a d’eascair a spéis i gcúrsaí teanga. Mar pháiste chuaigh sé i bhfeidhm go mór air nuair a d’oscail Ioruach a bhí muinteartha leis foclóir Ioruais-Béarla agus é ag tabhairt faoi labhairt an Bhéarla. Chleacht Ken an grá seo do theangacha i rith a shaoil agus é líofa i nGaeilge na hÉireann, i nGaeilge na hAlban, i mBreatnais, i bhFraincis, i mBriotáinis, agus in Ioruais.

In 1969 bhain sé céim BA cum laude amach ó Choláiste Brooklyn, City University of New York. Bronnadh scoláireacht Fulbright air an bhliain chéanna ach dhiúltaigh sé don scoláireacht sin chun tairiscint a ghlacadh le staidéar a dhéanamh i Roinn na dTeangacha agus na Litríochtaí Ceilteacha in Harvard mar chomhalta taighde faoin ‘Harvard Graduate Prize Fellowship’ Ghlac sé, áfach, le gradam do staidéar samhraidh in Éirinn an bhliain chéanna ó Chomhairle na gCumann Gaelach, Nua-Eabhrac. Bhain sé MA amach in Ollscoil Harvard in 1970 agus bhain sé PhD sa Léann Ceilteach amach san ollscoil chéanna in 1975. Ba é an teideal taighde a bhí aige don PhD ná ‘The Phonology and Morphology of the Irish of Bun a’ Cruc, Sraith Salach, Co. Galway’.

Chaith sé tamall mar thaighdeoir agus mar theagascóir in Ollscoil Harvard ó 1975 go 1984 agus mhúin sé ranganna Gaeilge istoíche i gColáiste Bhostúin ó 1982 go 1984. In 1983 agus 1985, stiúir sé cúrsaí Gaeilge agus Bhéaloideas na hÉireann do Choláiste Pobail Cape Cod. In 1984 mealladh é go Antigonish, Albain Nua, Ceanada, de bharr oidhreacht Ghaelach na bpobal ar an mhórthír thuaidh agus ar Oileán Cheap Bhreatainn, áit ar bronnadh Cathaoir Sister Saint Veronica i Léann na Gaeilge air in Ollscoil St Francis Xavier. Ba ghnách leis baill den phobal a chur faoi agallamh ag an deireadh seachtaine i rith na scoilbhliana agus chaitheadh sé an samhradh ag múineadh in Ollscoil Harvard agus ag taisteal go hÉirinn, go hAlbain, go dtí an Bhreatain Bheag, agus go dtí an Bhriotáin chun tabhairt faoi thaighde agus theagasc. Chuir Ken faoi in Antigonish ar feadh ocht mbliana is fiche. Ceapadh é ina ollamh cúnta in Ollscoil St Francis Xavier in 1988 agus ina ollamh in 1997. Bhí sé ina Chathaoir ar an Léann Ceilteach ann ó 1986 go bhfuair sé bás in 2012. Anuas air sin bhí sé ar Sheanad na hOllscoile ó 1991 go 1994 agus ó 2000 go 2002. Chaith sé tamall mar scrúdaitheoir seachtrach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus d’fhorbair sé scrúdú i nGaeilge na hAlban d’Ollscoil Memorial, St John’s, Talamh an Éisc, Ceanada. Chuir sé cainteoirí deireanacha na gcanúintí sainiúla i gcontae Antigonish Thuaidh agus ar Oileán Cheap Bhreatainn faoi agallamh agus rinne sé taifead ar an ábhar sin – ábhar luachmhar taighde a chaillfí murach an taifead a choinnigh sé féin. Bhí Lewis MacKinnon, oifigeach Ghaeilge na hAlban ag rialtas na hAlban Nua, ar na mic léinn a stiúir sé i gcúrsaí taighde in Antigonish agus bhí seanuncail Lewis, Dougald MacDougall ar na cainteoirí dúchais a chuir sé faoi agallamh faoi dhó i bhfómhar na bliana 1989. Chuir sé athair Lewis faoi agallamh in 2003 chomh maith agus traidisiún Ghaeilge na hAlban in oirthear Cheanada á iniúchadh aige. Deir Lewis MacKinnon in 2013:

Ken reached out to any and all who were interested, making them feel valued for their portion of Gaelic language and culture and overall knowledge and perspective. He was able to adapt to Gaelic speakers both individually and in community wherever he encountered them. I was present as Ken thoughtfully and respectfully archived the Gaelic language and cultural knowledge of my family members. Our family is indebted to Ken for this work. In particular, we would not have archived Gaelic recordings of my granduncle without Ken’s interest and effort. He was enthusiastic and encouraged me along with all his students to continue to work on our Gaelic skills, offering gentle corrections where appropriate and reference materials to assist further understanding. He has left a tremendous legacy behind and those of us so positively influenced by Ken and engaged in the work of Gaelic language and cultural reclamation in Nova Scotia honour his contributions and work.

De thoisc shaineolas agus dhúthracht Ken Nilsen go príomha a caomhnaíodh an oidhreacht luachmhar seo agus d’fhorbair sé cartlann fístéipe de theangacha Ceilteacha Mheiriceá Thuaidh mar thoradh ar an obair. Ó 1995 go 1996 stiúir sé agus d’eagraigh sé Togra Físeán Gaeilge St Francis Xavier i gcomhpháirt le Peter Murphy ó Seabright Video. Sa togra seo, ina ndearnadh taifeadadh ar sheachtar is fiche de chainteoirí Ghaeilge na hAlban Oiléan Cheap Bhreatainn, ba é Ken a rinne ceithre cinn déag de na hagallaimh. Stiúir sé agus d’eagraigh sé Togra Digiteach Gaelach St Francis Xavier ó 2000 go 2001, inar cuireadh tríocha píosa ó Bhailiúchán Béaloidis Cheap Bhreatainn St Francis Xavier ann.

Thug sé cainteanna ag iliomad comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus ba mhinic a thug sé páipéir ag comhdhálacha CAIS [Canadian Association of Irish Studies] in Albain Nua, in Ollscoil Naomh Muire, Halifax, agus in Ollscoil Naomh Tomás in Fredericton, New Brunswick, go háirithe. Ba chathaoirleach é ar Choiste na Gaeilge den American Committee for Irish Studies (ACIS) in 1988 agus bhí sé ina chathaoirleach ar chomhdháil bhliantúil an Celtic Studies Association of North America (CSANA) in Ollscoil St Francis Xavier i mí na Bealtaine 1992. Bhí sé ar na baill tosaigh de NAACLT [North American Association for Celtic Language Teachers] agus bhí sé ina chathaoirleach ar an tríú comhdháil bhliantúil den North American Association of Celtic Studies (NAACLT) in Ollscoil St Francis Xavier i mí na Bealtaine 1997, díreach dhá bhliain tar éis bhunú an chumainn. B’uachtarán an chumainn é in 1998. Ag an chomhdháil ‘Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh’ i Nua-Eabhrac in 2008 thug sé caint shuntasach ar ‘Tobar na Gaeltachta’ inar leag sé béim mhór ar chaomhnú phobail na gcainteoirí dúchais agus ar tharraingt ar a saibhreas teangeolaíochta.

Chuir sé iliomad alt i gcló ar an Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh agus ar ábhair ghaolmhara i bhfoilseacháin ar nós: Celtic culture: a historical encyclopedia, They change their sky: the Irish in Maine, American Babel: literatures of the United States from Abnaki to Zuni, Rannsachadh na Gàidhlig, The encyclopedia of the Irish in America, The multilingual Apple: languages in New York City, Béaloideas, Scottish Gaelic Studies, Éire-Ireland, Celtica, Proceedings of the First North American Congress of Celtic Studies, Canadian Journal of Irish Studies, agus Harvard Celtic Colloquium. Idir 1987 agus 1996 d’fhoilsigh sé sraith de sheachtó alt in The Casket bunaithe ar ábhar a bhailigh sé ó chainteoirí deireanacha Ghaeilge na hAlban in Albain Nua, agus idir 1995 agus 2002 d’fhoilsigh sé sraith alt ar ghramadach agus ar fhoghraíocht na Gaeilge in iris Halifax, Celtic Heritage. Ba é an t-eagarthóir Gaeilge ar an Canadian Journal of Irish Studies é nuair a bhí Jerry White ina eagarthóir air.

Ghlac sé páirt fosta i gcláir teilifíse agus raidió mar chomhairleoir teanga, mar ateangaire, agus mar agallaí. Ar na cláir a raibh baint aige leo, tá Finisterre (2000), clár faisnéise faoi theanga agus cheol na Briotáine, Na h-Eilthirich (1999), clár faisnéise faoin imirce ó Albain go Meiriceá Thuaidh ar BBC Alba, Pádraig Feiritéar (1998), clár faisnéise ar RTÉ, agus Eadrainn (1983), ar RTÉ.

Ba Leas-Uachtarán é ar Chumann na Gaeilge i mBostún ó 1979 go 1984 agus d’eagraigh sé an chéad fheis a bhí acu. Ba é an tUachtarán ar Chumann na Gaeilge i Nua-Eabhrac é ó 1967 go 1968.

I measc na ngradam a ghnóthaigh sé, tá Dámhachtain Ollscoile na hÉireann agus Cheanada mar aon le comhaltacht taighde ó Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, an dá cheann a bronnadh air in 2004. Ba ionadaí na Stát Aontaithe é ag cruinniú speisialta UNESCO do shaineolaithe Ceilteacha i mBaile Átha Cliath in 1981 agus ainmníodh é do ghradam Woodrow Wilson in 1969.

Bhí a chroí ina chuid taighde agus ba é a shaothar saoil é. B’fhear mór seanchais, grinn agus damhsa é chomh maith agus ba mhinic a chluintí é ag canadh amhrán. I dtreo dheireadh a shaoil bhí sé pósta ar Marty agus chuir siad fúthu in Antigonish go dtí gur cailleadh é ar an Aoine 13 Aibreán 2012 in Cape George, Contae Antigonish, Albain Nua, Ceanada.

Regina Uí Chollatáin

Foinsí