I mBaile Átha Cliath ar 12 Deireadh Fómhair 1930 a rugadh an scríbhneoir seo agus ba iad a thuismitheoirí William Brereton (a rugadh in 1904) agus Ellen Reade (a rugadh in 1908). Bhí ceathrar deartháireacha aige: Liam, Seán, Antoine agus Diarmuid. Gréasaí istigh ar Shráid Liam Theas i lár Bhaile Átha Cliath a athair. Cuireadh bunscolaíocht ar Mhicheál sa Mhodhscoil Láir agus meánscolaíocht i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell. Scoláireacht a thug é go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar ar cháiligh sé mar innealtóir. Bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach ann. Thosaigh a shaol oibre le Brown Boveri & Co. san Eilvéis, áit ar chaith sé bliain. Tar éis dó filleadh ar Éirinn chaith sé beagnach daichead bliain ag obair do Bhord Soláthair an Leictreachais.

Ó na1950idí luatha ar aghaidh bhíodh ailt i gcló aige in Comhar, Feasta, Inniu, Anois, An Aimsir Óg agus The Irish Times agus chraoltaí cainteanna dá chuid ar Radio Éireann agus ar Raidió na Life. Ba é an t-alt deiridh aige ‘Gnó an phinn: easnaimh ar réimsí na scríbhneoireachta Gaeilge’ in Feasta, i mí Dheireadh Fómhair 2011. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí agus d’eagarthóirí Pobal, nuachtán a mhair ar feadh nach mór cúig bliana. Bhí sé freisin ina eagarthóir ar leabhar ina thaobh, Rogha an phobail: sleachta tofa as an ábhar a foilsíodh i Pobal, 1970-1974 (1988). Is léir ar a bhfuil scríofa ag Micheál sa leabhar sin go raibh páirt mhór ag a bhean san obair a bhain le Pobal.

I dtús a shaoil oibre is ag gabháil a bhí sé go príomha do phleanáil an chórais tras-seolta i mBord Soláthair an Leictreachais. Agus é sa phost sin chaith sé breis agus fiche bliain i mbun obair chomhairleoireachta i suas le tríocha tír. In Gnóthaí eachtracha (2000), luann sé tíortha mar: An Éigipt, An Tiomóir, an tSeoirsia, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Úisbéiceastáin, an Táidsíceastáin, an Iaráic, an Rómáin, an tIar-Aontas Sóivéadach, Vítneam, an Liobáin agus an Bhanglaidéis. Déanann sé cur síos ar ghnéithe de shaol agus de chultúr na dtíortha sin. ‘An leabhar taistil is fearr sa teanga’, a mhaíonn Coiscéim in Coiscéim: catalóg 1980-2004: An chéad cheathrú céid (2005) acu. Rinne Seán Ó Ceallaigh léirmheas ar Gnóthaí eachtracha in Feasta (Bealtaine 2001). Foilsíodh píosa le hArt Ó Maolfabhail ar an leabhar céanna sa tsraith ‘Beocheist’ in The Irish Times timpeall an ama chéanna. Leabhair eile leis is ea: Charles Vallancey 1725-1812: ginearál, innealtóir agus ‘scoláire Gaeilge’ (2009); Sreangscéal – forbairt na teileagrafaíochta leictrí (2005), ar cur síos ar stair Dhairbhre féin cuid de; Aibhléis: stair úsáid an leictreachais (2007). Sa léirmheas a rinne Art Ó Maolfabhail ar Aibhléis in Lá Nua (13 Feabhra 2008) deir sé:

Tá sé ráite gur leabhar don ghnáthléitheoir é seo ach molaimse é don uile dhuine. Gan amhras, bíonn a cuid téarmaí féin ag gach ceird agus gairm. Don té atá gan taithí ar na téarmaí Gaeilge, tá foclóir cuimsitheach Gaeilge-Béarla ar chúl an leabhair, agus is suimiúil a mhéid de na focail theicniúla sin a bhfuil úsáid acu lasmuigh de chúrsaí leictreachais, m. sh. aonrú ‘isolation’, comhéadan ‘interface’, éaradh ‘repulsion’, iarmhairt ‘result’, tairiseach ‘constant’. Freisin tá ‘Clár Imeachtaí i Stair an Leictreachais’ ann. Tá cumas láidir ag Ó Bréartúin ar an nGaeilge, agus is sampla ar shoiléire cumarsáide an stíl teanga a chleachtaíonn sé. Go deimhin, b’fhéidir gur de bharr dhisciplín na heolaíochta atá an tsoiléire sin ann óir éilíonn an teicneolaíocht cruinneas smaoinimh agus beachtaíocht teanga.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí ’An Roth’, cumann laistigh de Chumann na nInnealtóirí ina gcíortar ceisteanna teicneolaíochta trí mheán na Gaeilge. In 1959 phós sé Pat McManus, ealaíontóir, agus rugadh cúigear páistí dóibh. D’éag sé ar 24 Samhain 2011.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Ailt