Bhí sé ina Ollamh le Míoleolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (‘Coláiste na hOllscoile, Gaillimh’ go dtí 1997). Ar 14 Iúil 1933 a rugadh é i mBaile Átha Cliath. Ba é an dara leanbh é ag Patrick J. Keady agus Eibhlín Nic Mhathúna. I gColáiste na Carraige Duibhe a cuireadh meánoideachas air agus in 1955 d’éirigh leis bunchéim le céad onóracha san eolaíocht a bhaint amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Agus é ina bhall de Chraobh na Carraige Duibhe de Chonradh na Gaeilge is ea a casadh air Máirín Ní Chonaire, bunmhúinteoir arbh as Carna, Co. na Gaillimhe, di. Pósadh iad i mí Dheireadh Fómhair 1956 agus bhí iníon agus beirt mhac acu. I gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, a d’éirigh leis céim mháistir agus dochtúireacht a bhaint amach. Chaith sé tamall ina bhitheolaí le hIontaobhas Taighde Bradán na hÉireann sular ceapadh é ina léachtóir cúnta i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Ceapadh é ansiúd ina Ollamh le Míoleolaíocht in 1962. In Who’s who, what’s what and where in Ireland (1973) is mar seo a chuir sé síos ar mhian a chroí: ‘That Ireland makes full use of her marine resources.’ Is iomaí sin gníomh a rinne sé chun go gcuirfí an aidhm sin i gcrích.

An machnamh a bhí déanta aige faoi ghnó na n-oisrí a mhisnigh Gaeltarra Éireann le tionscnamh a bhunú trína n-easpórtálfadh Beirtreach Teo., fochomhlacht acu, fiche milliún oisre chun na hEorpa. Ba mhian le Pádraig teacht i gcabhair ar na hiascairí sruthlíonta a raibh a slite beatha i mbaol. Ag fiosrúchán poiblí a tionóladh i gConamara in 1968 dhearbhaigh sé nach raibh sé cóir ná ceart bac a chur ar iascaireacht sruthlíonta agus gan a chothrom de bhac a bheith i bhfeidhm i gcás aibhneacha agus coraí, bearnaí baoil ar chontúirtí go mór iad don bhradán. Arís in 1976, ag comhdháil i nGaillimh i dtaobh thionscal na hiascaireachta, bhagair sé go gcuirfeadh polasaí an rialtais deireadh leis an tionscal traidisiúnta sin. I ndiaidh ‘Cogaí na dTrosc’ agus bac a bheith curtha ar bháid na Breataine bheith ag iascach i bhfarraigí na hÍoslainne, is é a bhraith sé go ndéanfadh na báid sin ionradh anois ar uiscí na hÉireann agus chomhairligh sé gur mhór an chabhair crios toirmeascach a bheith timpeall na hÉireann, é caoga míle ar leithead. Chabhródh sin le hathghiniúint na stoc iasc, rud a d’fhónfadh, ní hamháin d’Éirinn, ach dá páirtithe san Eoraip freisin.

Ar cheantair bhochta san iarthar a bhí a aird go minic. Ba é ba mhó faoi deara stáisiún bitheolaíochta a bhunú i Maínis, Co. na Gaillimhe. Ag labhairt dó ag lainseáil Chumann Feirmeoirí Mara na hÉireann in 1980 thug sé chun cuimhne dá raibh sa láthair gurbh i mbólaí dá leithéid is minic a bhíonn na suímh is oiriúnaí don fheirmeoireacht sin agus gur chirte tús áite a thabhairt dá bpobail seachas do chomhlachtaí móra. Dhírigh sé aird freisin ar bhuntáiste tábhachtach ar leith a bhaineann le hacmhainní nádúrtha a shaothrú, go háirithe nuair is cruthú post a bhíonn i gceist, agus ba é an buntáiste sin nach mbeadh gá le hábhair a allmhairiú ná le mórchaiteachas caipitil. In 1983 cuireadh an bád ‘Lough Beltra’ i nduga tirim agus cháin Pádraig sin go géar. Is amhlaidh nárbh acmhainn don Bhord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta na costais a bhain leis an mbád taighde mara sin a íoc. Comhartha é, dar leis, nach raibh polasaí ceart againn i leith acmhainní na mara agus go mbeadh sé chomh maith againn ár mbéal a choimeád druidte feasta nuair is ag eachtrannaigh a bheadh sé feidhm a bhaint as na hacmhainní sin.

D’éirigh sé as a phost in 1999. Ar feadh 21 bliain ó 1971 go 1998 bhí sé ina bhall stiúrtha d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ó 1987 go 2002 ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann. Ba mhúinteoir spreagúil é a raibh cion ar leith ag mic léinn air. Chomh maith lena mhórmheas ar an nGaeilge bhí sé tugtha go mór don Fhraincis agus, deireanach go maith ina shaol, bhí sé tiomanta Iodáilis a fhoghlaim. Ba spéis leis freisin péintéireacht, stair agus ginealas. D’éag sé ar 29 Deireadh Fómhair 2008.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair