James Gordon Simpson, a raibh feirm mhór aige in aice le Clochar Mhic Dháimhin, Co. Mhuineacháin, a athair. Bhí clann Simpson lonnaithe sa Chéideach le tamall fada. Ba í Sarah Boyd ó Bhaile Átha Cliath a mháthair. Bhí beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige.

Tar éis dó cáiliú mar dhochtúir leighis chaith sé a shaol ar fad i Sasana. Ní heol go raibh aon bhaint ghníomhach aige le gluaiseacht na teanga cé go raibh sé ina bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge, é ar an gcomhairle tamall. Fógraíodh ag cruinniú poiblí 27 Nollaig 1883 é bheith sásta deontas £10 a thabhairt do Aontacht na Gaeilge chun scríobh na Gaeilge a spreagadh ach go n-íocfadh naonúr eile an tsuim chéanna.

D’éag sé in Birmingham 5 Márta 1913.

Níor phós sé riamh ná níor phós aon duine dá mhuintir ach deirfiúr amháin nach raibh aon sliocht uirthi. D’fhág sé timpeall £4,000 le huacht ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ar choinníoll go mbeadh an Ghaeilge in hábhar riachtanach don mháithreánach. Is sa bhliain sin 1913 a bhí sí riachtanach den chéad uair. Dá mba nárbh amhlaidh is chuig Ospidéal Simpson a rachadh an t-airgead. I nDún Droma, Co. Bhaile Átha Cliath, atá an institiúid sin anois ach is i Sráid na Breataine a bhí sé an uair sin.

Níor caitheadh aon chuid den airgead go dtí gur fhoilsigh Ollscoil na hÉireann an chéad uimhir dá n-iris Ghaeilge, Lia Fáil, e fidei commisso Adam Boyd Simpson medici. A journal for promoting the study of the Irish language, 1926–1932. Dubhghlas de hÍde an t-eagarthóir.

In The Catholic Bulletin, Nollaig 1937, foilsíodh aiste le ‘Two Ormonds’ ag caitheamh anuas ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Dar leis an scríbhneoir nach raibh fiú tagairt do uacht Simpson in aon cheann de thuarascálacha bliantúla an Choláiste. Ba léir dó nár caitheadh ach fíorbheagán den airgead agus nár aithníodh a fhlaithiúla a bhí Simpson.

Is cosúil gurbh í an aiste sin a tharraing aird ar an airgead. Nuair a foilsíodh an chéad uimhir de Éigse: a journal of Irish studies in 1940 is é a bhí scríofa ar an leathanach teidil: ‘Published (with the aid of the Adam Boyd Simpson Bequest) for The National University of Ireland’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú