I gCill na Mallach, Co. Chorcaí, a rugadh é (Henry Peter) ar 28 Meitheamh 1896. Bhí a athair James Sadlier ina bhall den Chonstáblacht Ríoga agus ba í Mary Anne Barry a mháthair. Ba é an tríú duine de chlann seisir é. Fuair an mháthair bás nuair a bhí Annraoi sé bliana d’aois. D’éirigh an t-athair as an gconstáblacht tuairim an ama sin agus chuir tús le gnó ceannaithe uibheacha agus táirgí feirme eile. Bhí siopa ag máthair a chéile, bean de na Síthigh, i gCill na Mallach agus ba ise a thóg an chlann i ndiaidh bhás na máthar.

Tar éis bunoideachais d’fhreastail Annraoi ar scoileanna i Mala agus i nDún ar Aill. Thug scoláireacht chun an Choláiste Ollscoile, Corcaigh, é i 1914. Níor chaith sé ann ach an t-aon bhliain amháin. Chaith sé na blianta 1915–17 i gcoláiste oiliúna bunoidí i Londain. Ach is ag múineadh i meánscoileanna a chaithfeadh sé a shaol. Chaith sé tréimhsí i scoileanna i nGaillimh, i nGuaire agus i bPort Láirge sula bhfuair sé post i gColáiste Ullmhúcháin Naomh Caoimhín i nGlas Naíon. Ó 1933 go ndeachaigh sé amach ar pinsean bhí post aige i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath.

Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea an tseanmháthair úd a thóg é ach ní labhraíodh sí leis í. Ainmneacha Gaeilge ar fad a bhí aige ar na páirceanna, ar bhláthanna agus ar fhiailí. Cé gur spreag na Bráithre Críostaí a spéis sa teanga is cosúil nár chrom sé ar í a fhoghlaim i gceart go raibh sé fiche bliain d’aois. Léirigh an Comhar Drámaíochta trí dhráma dá chuid: i 1927 Misneach a foilsíodh mar leabhar 1929, agus Oíche sa tábhairne, a foilsíodh i 1945; agus i 1939 ’Bhfuil gealt anseo?, a foilsíodh 1945 freisin. Scríobh sé naoi ndráma don aos óg. D’fhoilsigh an Gúm cuid acu faoin teideal Ceithre drámaí don aos óg, 1936, agus trí cinn eile faoin teideal An Púca, 1936. Scríobhadh sé drámaí agus scripteanna do Radio Éireann freisin. Scríobh sé úrscéal don aos óg, An Smuigléir, faoi ainm cleite. Is drámaí na foilseacháin seo a leanas: An Charraig Bhán agus Connla, 1936 (péire dráma); Aisling cois mara, 1956; An bóthar ó thuaidh, 1798, 1962; Gleann an áir, 1962; An draoi deireanach, 1966. Scríobh sé freisin an téacsleabhar Tosach céimseatan, 1933.

Bhí baint mhór aige le cúrsaí Chonradh na Gaeilge i nGuaire, é ina theachta ag an gCraobh ann ag Ard-Fheis 1924 agus ina bhall den Choiste Gnó thar a gceann 1931/2. Chuir sé Coláiste Carman ar bun ann 1927 agus gur scar leis cúig bliana ina dhiaidh sin bhí ina rúnaí, ina ollamh, agus ina bhainisteoir ann. Bhí sé ina ollamh i gColáiste Laighean ar feadh roinnt bliain. Bhí céim mháistir aige. Phós sé Máire Treabhair ó Ghuaire 1930 – bhí sise mar ‘bhean a’ tí’ i gColáiste Carman – agus bhí mac agus iníon acu. D’éag sé 13 Meitheamh 1976.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú