Bunaíodh Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge i Nua-Eabhrac in 1878. Tá cuntas ar imeachtaí an chumainn sin i gcló ag Liam Ó Dochartaigh in Go Meiriceá siar: na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, 1979, in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin. Níorbh ionann agus an cumann a bunaíodh in Éirinn dhá bhliain roimhe sin bhí béim ar an gceol dúchais ag an gcumann Meiriceánach. Bhí an ceoldráma An Bard ’gus an Fó ar cheann de na himeachtaí ba shuaithinsí dár reáchtáil siad agus ba é an Suibhneach seo a scríobh idir cheol agus fhocail.

I gCorcaigh a rugadh é agus d’fhoilsigh Irish World 30 Samhain 1889 cuntas ar a shaol (i gcló in aiste Uí Dhochartaigh). Léiríodh a chéad saothar ceoil, Amergin, i gCorcaigh in 1880. Deir an Dochartach: ‘Is amhlaidh a d’iarr an Society for the Preservation of the Irish Language i Nua-Eabhrac ar Phól Mac Suibhne ... saothar drámata Gaeilge le ceol a chumadh, idir fhocail agus cheol. Léirigh baill an chumainn féin an ceoldráma ar cheann de phríomhfhéilte Mheiriceá (Thanksgiving .i. an ceathrú Déardaoin i mí na Samhna) agus d’fhoilsigh an cumann libretto an tsaothair i nGaeilge agus i mBéarla i bhfoirm phaimfléid’.

I nGaeilge a bhí léiriú 27 Samhain 1884 agus i mBéarla léiriú na hoíche dár gcionn. Bhí léirmheasanna moltacha in An Gaodhal agus ag Irish World ach bhí an New York Herald drochmheasúil amach is amach i dtaobh an cheoldráma - ‘the whole performance was a melancholy display of misplaced genius’. Tugann Liam Ó Dochartaigh blas maith de scéal agus de stíl amhráin An Bard ’gus an Fó.

D’éag Paul McSwiney ina theach cónaithe, 333 East 30th St., Nua-Eabhrac, 17 Samhain 1889. Deirtear sa chuntas úd in Irish World: ‘The Beth Luis Nuin Fraternity published last year “Brian”, a tragedy in five acts, by Mr McSweeney (sic), dealing with the Danish invasion of Ireland and the battle of Clontarf. Among other published works by him are “Alexander”, a musical drama; “Nirvana”, a novel; “The Fairies Dell”, an Irish drama of the romantic school. At the time of his death Mr McSweeney was at work on a cantata for solo and chorus on “John McHale”, the Lion of the Fold of Judah, which was to be produced on the occasion of the centennial of the birth of the great prelate next year.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú