Scríobh an Meiriceánach seo leabhar tagartha aitheanta, Motif-index of Early Irish literature, 1952. I gcomhar le hiardhalta dá chuid, Clark Harrison Slover, chuir sé ar fáil Ancient Irish tales, 1937 (atheagraithe ag Charles Dunne 1969). I stát Virginia a rugadh é 8 Nollaig 1879, agus tógadh é i Nansedmond County agus i Smithfield. Feirmeoir a throid sa Chogadh Cathartha ba ea a athair agus múinteoir scoile a mháthair. Le múinteoireacht a chuaigh sé féin. Is cosúil go raibh a mhuintir bocht agus gur fhulaing sé cruatan le linn dó bheith ag staidéar. Bhí sé in Acadamh Norfolk agus i gcoláistí Hampden agus Sydney agus bhí ag teagasc nuatheangacha i Norfolk sular bhuaigh sé scoláireacht nó comhaltas beag a thug go hOllscoil Harvard é 1906. Bhain sé céim dhochtúra amach sa Bhéarla agus sa Cheiltis 1909, an bhliain chéanna ar fhreastail sé ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Sórt deisceabail ba ea é ag F.N.Robinson, an té a deirtear a thug an léann Ceilteach go Meiriceá.

Tar éis poist a bheith aige anseo is ansiúd sna Stáit Aontaithe ceapadh é ina ollamh le Béarla agus Ceiltis in Chicago 1913 agus bhí sé ann go 1945. Scríobh sé freisin The Harper and the bard: the beauties of Irish literature, 1931, chomh maith le leabhair ar sheanlitríocht na hEorpa, agus tá cuid dá aistí i gcló in irisi léannta ar nós Études Celtiques.

Bhí sé pósta ar Elizabeth Douglas Weathers agus bhí beirt iníonacha acu. Thug sé leis iad go Baile Átha Cliath 1929. Fear mór ceoil agus amhrán ba ea é, agus féith an ghrinn ann. Chomh maith leis sin bhí de cháil air nach raibh spéis ar bith aige i bhfaisean ná i ngalántacht agus gur chuma leis cén chaoi a mbeadh sé gléasta. In Éire-Ireland Iml. 5, Uimhir 4, geimhreadh 1970 tá cuntas ag Raymond Cormier ar thaom diabhlaíochta a bhuail é sa tsráid lá le linn na cuairte ar Bhaile Átha Cliath. Bhain sé de a hata agus dúirt an t-amhrán ‘I’m a broken-down man/ Without credit or cash/ And my garments are tattered and torn/ I haven’t a friend in the whole wide world/ And I wish I’d never been born’. Bhí a bhean agus a iníonacha náirithe aige nuair a thosaigh daoine ag caitheamh pinginí chuige agus d’éalaigh siad as radharc.

Bhí cónaí air in aice le Aylett, agus d’éag sé Lá Nollag 1951. Scríobh Vendryes cuntas air in Études Celtiques VIII 1955–6.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú