An sagart seo a chuir eagar ar imleabhair a 2-4 de Annála Uladh…, 1893-1901; W.M. Hennessy a chuir eagar ar an gcéad imleabhar. Tá cuntais air in imleabhair XV (Eanáir-Feabhra 1909) agus L (1945) de Journal of the Cork Historical and Antiquarian Journal. Sa Bhaile Nua, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 12 Nollaig 1843. Cuireadh oideachas air i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí. Tar éis staidéir i gColáiste na nGael sa Róimh oirníodh ann é in 1869. Sa Róimh a musclaíodh a spéis sa tseandálaíocht. Chuidigh sé le Patrick Moran (1830-1911), a bheadh ina chairdinéal ar ball, sa saothar a scríobh seisean sa Róimh. D’fhill sé ar Éirinn agus chaith trí bliana ag múineadh i gColáiste Cholmáin. Bhí sé ina shagart cúnta i mBaile Mhistéala agus i bparóistí eile sular ceapadh ina shagart paróiste é in Inis Cara, Corcaigh, in 1895. Ceapadh mar Todd Professor of the Celtic Languages in Acadamh Ríoga na hÉireann é agus ina scrúdaitheoir Ceiltise in Ollscoil Ríoga na hÉireann. Gheofar liosta a shaothair in Bibliography of Irish Philology and of Printed Irish Literature, 1913 le R. I. Best. Deir Seán Ó Lúing: ‘The remainder of the Annals of Ulster was taken in hand by Dr. B. McCarthy, whose editions of Volumes II and III, completing the text, were published in 1893 and 1895 respectively and scanned by the eagle eye of Whitley Stokes in Revue Celtique XVIII(1897) pp 74-86, in which scrutiny they did not fare too well’ (Celtic Studies in Europe and other essays, 2000). Ní rómholtach atá na tagairtí dá eagrán de na hAnnála in The Celebrated Antiquary…, 1996 le Nollaig Ó Muraíle. Deirtear go raibh beartaithe aige eagar a chur ar Annála Tighearnach ach d’éag sé ar 5 Márta 1904. Tá sé curtha i Maigh Chromtha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú