Sa Ráth Tuaidh i bparóiste an Tóchair, Ciarraí, a rugadh é 6 Nollaig 1881. Ba é William Ferris, feirmeoir, a athair agus ba í Síle Ní Chonchúir a mháthair. Ba é an seachtú duine de dháréag clainne é. Ar Scoil na mBuachaillí sa Bhaile Dubh ar dtús agus ansin i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne. Chaith sé cúig bliana i Maigh Nuad, mar ar oirníodh é, agus cúig bliana mar ollamh le diagacht i gcoláiste Chumann na Misean chuig na hAfracaigh (SMA) i gCorcaigh. Bhí sé ina shagart cúnta sna Foidhrí, an Ráth Mhór, Lios Tuathail, Baile Mhic Eileagóid, Sráid an Mhuilinn agus i dTrá Lí. Scríobhadh sé aistí i bpáipéar Airt Uí Gríofa faoi na hainmneacha ‘Giolla gan eagla’ agus ‘Ollamh’. Bhí na húdaráis ina dhiaidh uair i dTrá Lí. Tuairim 1935 ceapadh é ina shagart paróiste sna hAllaithe. Aistríodh ansin é go Gleann Fleisce. Tar éis cúig bliana aistríodh é go Béal Átha Longfoirt agus chaith 26 bliana ann. D’éirigh sé as obair i 1969. Scríobh sé The Story of Man, 1948, leabhar a bhí conspóideach. Gach Domhnach thugadh sé seanmóirí dátheangacha. Ba é faoi deara an oiread sin ainmneacha a bheith i nGaeilge os cionn siopaí ina pharóiste. I dTrá Lí dó rinne sé taighde ar staid na teanga sna 417 bunscoil sa deoise. D’fhoilsigh sé an taighde i leabhrán dar teideal The Kerry Searchlight. Leabhar ar an eacnamaíocht is ea The Gaelic Commonwealth, 1923. Bhí suim ar leith aige i stair áitiúil agus scríobh Sráid an Mhuilinn: a history of its people, by its people agus leabhrán dar teideal How to compile Parish History. Chabhraigh sé go mór le Cumann na Sagart a chur ar a bhoinn arís i 1937; bhí sé ina rúnaí-chisteoir náisiúnta agus ar feadh tamaill fhada ina uachtarán ar Chraobh Chiarraí den eagraíocht. D’éag sé 18 Nollaig 1971 agus tá sé curtha in aice an tséipéil i mBéal Átha Longfoirt. Tá aiste ina thaobh in Seanchas Dúthalla 1980-81 ag Seán Mac Ginneá agus cuntas air ag J. Anthony Gaughan in Listowel and its vicinity, 1973.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú