Is é atá anseo thíos coimriú gairid ar a bhfuil scríofa ar a shaol agus a shaothar ag Pádraig Ó Macháin in Tipperary Historical Journal, 2003 (‘Cnuasach amhrán Liam Uí Lúbaigh’). Baineann tábhacht le Liam Ó Lúbaigh ar na hábhair seo: gur dhuine é de na cainteoirí dúchais Gaeilge deireanacha i dTiobraid Árann; gur bhailigh sé amhráin a dhúiche féin; gur scríobh sé téacsleabhar fisice i gcomhar le húdar eile. Sampla breá is ea é freisin de dhuine ar éirigh leis a bheith ina scoláire eolaíochta d’ainneoin na n-ainneoin.

I gCill Domhnóig, paróiste Bhaile Uí Phéacháin, Tiobraid Árann, a rugadh é 30 Iúil 1882. Ba iad a thuismitheoirí Seán Ó Lúbaigh, feirmeoir, agus Cáit Ní Dhuinnshléibhe ó Sceithín an Rince. Bhí aon duine amháin eile clainne acu, iníon a bhí trí bliana níos óige ná Liam. Bhí sé ar scoil ar dtús i mBaile na nGabhar, baile fearainn in aice leo, agus ina dhiaidh sin i mBaile Uí Ghormáin. Is sa dara scoil sin a adhnadh a shuim sa luibheolaíocht. D’fhág sé scoil in aois 14 dó agus chaith 15 bliain ag obair ar fheirm a athar. D’fhreastalaíodh sé ar rang oíche sa cheardscoil i gCluain Meala agus é sna fichidí. Cara a bhí ar chomhaois leis, Micheál Ó Dúshláine, múinteoir náisiúnta sa chomharsanacht ar chainteoir dúchais Gaeilge é, a mhisníodh é chun leanúint air ag foghlaim. Nuair a tosaíodh ar chraobhacha de Chonradh na Gaeilge a bhunú sa cheantar i 1903 bhí rang Gaeilge ag an Micheál sin i nDroichead na nGabhar agus bhí Liam ag freastal air. Sa bhliain chéanna sin a thosaigh sé ag bailiú amhrán. Bhuaigh sé duais ar líofacht Ghaeilge ag feis sa cheantar.

I 1911 agus é 29 bliain d’aois bhuaigh sé scoláireacht a thug é go dtí an Coláiste Ríoga Eolaíochta , Baile Átha Cliath. I 1915 bhain sé amach Associateship of the Royal College of Science for Ireland. Chuir an Roinn Talmhaíochta ó thuaidh é chun a bheith ag obair i mBéal Feirste d’Arm na Breataine sa roinn Forage Department arbh é a gcúram bia a sholáthar do na saighdiúirí. Liostáil sé san arm i 1916 agus bhí grád leifteanaint aige nuair a tháinig deireadh lena thréimhse saighdiúireachta i Meán Fómhair 1919; in Aontroim a chaith sé 1915-19. Chuir an Roinn Talmhaíochta go Dún na nGall é chun cigireacht a dhéanamh ar phrátaí. Ann a casadh Mary Griffin air. Phós siad i 1927 agus rugadh ceathrar leanaí dóibh. Ón mbliain sin go 1939 bhí sé ag múineadh ceimice agus bitheolaíochta i gColáiste Chaoimhín, coláiste ullmhúcháin d’ábhair múinteoirí. I rith an ama sin d’éirigh leis Ard-Teastas san oideachas agus B.Sc. a bhaint amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bronnadh D.Sc. air i 1946. I 1929 thosaigh sé féin agus Murchadh Ó Síthigh ag obair ar théacsleabhar eolaíochta don Ghúm. Shaighneáil siad conradh i 1932 ach níor foilsíodh Fisic: tomhaiseanna, fisic, teas, meicnic 1-111 go dtí 1940. Bhí sé ag múineadh ar feadh bliana i nGaillimh sular ceapadh é ina mhúinteoir ceimice sa Choláiste Teicneolaíochta, Sráid Chaoimhín, Baile Átha Cliath. D’éag sé go tobann 31 Nollaig 1948 agus é ar cuairt chuig a dheirfiúr i dTiobraid Árann. Tá sé curtha i reilig Bhaile Uí Phéacháin.

Deir Ó Macháin: ‘Duine neamhchoitianta ab ea Liam Ó Lúbaigh. Bhí féith an cheoil ann agus an-chumas chun teangacha; is cuimhin lena chlann gur mhúin sé Fraincis agus Rúisis dó féin, agus gur i nGearmáinis a bhí a leabhar aifrinn.’ Leis an mbailiúchán amhrán sin a bhaineann cuid mhaith d’aiste Uí Mhacháin. Tá eolas sna lámhscríbhinní a bhreac Liam tuairim 1919 ar na daoine a thug na hamhráin dó. ‘Cnuasach d’amhráin na nDéise atá sna leabhair seo. Gan cóipeanna dúbalta a chur san áireamh, tá dachad a ceathair d’amhráin ar fad sa chnuasach agus na trí lámhscríbhinní á dtógaint le chéile. Rogha an té a bhailigh, Liam Ó Lúbaigh, is ea an méid sin, gan amhras, taobh amuigh den gcuid is mó de LS3, ach scáthán leis is ea é ar an stóras d’amhráin Ghaelacha a bhí le fáil sa cheantar so i ndeisceart Thiobraid Árann i dtús an fhichiú aois’ (Ó Macháin).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú