I ndiaidh a bháis bhí gearrchuntas air in Foinse 14/15 Lúnasa 2004. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 11 Bealtaine 1971. Ba é an duine ab óige é den chúigear leanaí a bhí ag Donal Linehan, an chéad Choimisinéir Cosanta Sonraí, arb as Baile Átha Cliath dó, agus Eithne Nic Grianna, iníon le Domhnall Mac Grianna (c.1894-1972) [B8: 285]. I gceantar Chill Mochuda i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a rugadh is a tógadh é agus cuireadh oideachas air i Scoil Náisiúnta Lorcáin Uí Thuathail ansiúd agus i gColáiste Naomh Benildus sa chomharsanacht chéanna. Ghnóthaigh sé céimeanna BA agus MA sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí tamall ina léachtóir ócáideach i Roinn na Nua-Ghaeilge ann. Bhunaigh sé ar ball an comhlacht Gaelchló chun seirbhís aistriúcháin, eagarthóireachta agus clóchuradóireachta a sholáthar. Ba é a chéad leabhar Cnuasach Focal ón gCom, 1995, é bunaithe ar bhailiúchán focal a rinne Pádraig Ó Maoileoin ina cheantar dúchais. Sa dara cnuasach, Ó Ghlíomáil go Giniúint (Foclóir na Collaíochta), 1997 gabhann sé buíochas arís le Ua Maoileoin go háirithe agus le beirt iarBhlascaodach, Seán Pheats Tom Ó Cearnaigh agus Seán ‘Faeilí’ Ó Catháin. Deir sé: ‘Nuair a chuas-sa ó dheas go Ciarraí den chéad uair samhradh 1987, deich mbliana ó shin, agus nuair a chuala Gaeilge á labhairt go nadúrtha don chéad uair riamh bhraitheas ar an bpointe go raibh rud éigin ann sa bhreis ar a bhfoghlaimíonn tú ar scoil.’ Thug sé cuairt ar gach ceantar Gaeltachta sa tír agus chuartaigh foclóirí agus leabhair de gach sórt agus é ag iarraidh an foclóir a chur le chéile. Ag pointe éigin d’aistrigh sé go dtí an Spáinn agus ní raibh aon choinne lena bhás in Malaga 30 Meitheamh 2004. Scaipeadh a luaithreach ar an bhfarraige in aice le Dún Chaoin agus an Blascaod. Bhí sé pósta ar Rocío Gomez Fuentes agus bhí beirt iníonacha acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú