I Mín Doire Dhamh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a rugadh í ar 22 Aibreán 1895; ‘Doogan’ an leagan Béarla dá sloinne. Mar ‘Jiley’ (Julia) a cláraíodh a hainm ach Síle a roghnódh sí féin ar ball. Bhí páirt mhór ag a hathair, Micheál Aindrias Ó Dubhgáin (1865-1945), i bhfeachtas an Athar Séamus Mac Pháidín agus cuireadh comhcheilg ina leith nuair a maraíodh an Cigire William Limrick Martin. Bhailíodh sé an cháin a dtugtaí ‘cess’ air agus bhí siopa agus feirm aige agus ba chonraitheoir bóithre é agus ceantálaí. Níos deireanaí ina shaol bhí teach ósta aige. Ba í Máire Sheáin Ruaidh Ní Ghallchóir ó Chaiseal na gCorr a bhanchéile. Cúigear mac agus naonúr iníonacha a bhí acu. Cailleadh beirt go hóg agus cailleadh cuid eile ina bhfichidí agus a dtríochaidí. Níor phós ach aon duine amháin den teaghlach, Biddy, agus ba í a hiníonsan, Nollaig Hardiman, leabharlannaí, a sholáthraigh an t-eolas dúinn faoi muintir Dhubhgáin.

Tar éis bunscolaíochta i nDobhar d’fhreastail Síle ar mheánscoil sa Srath Bán. Bhí sí ag obair mar mhonatóir ann agus níor bhac riamh le cáilíochtaí múinteoireachta. Luaitear í i measc na dtimirí a bhí ag obair faoi Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1924 (Dóchas agus Duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932, [1974] le hAindrias Ó Muimhneacháin; Aspail ar son na Gaeilge: Timirí Chonradh na Gaeilge 1899-1923, 1995 le Colm Ó Cearúil). Dhéanadh sí Dún na nGall agus Sligeach a thaisteal ar rothar. Chaith sí tamall ag múineadh Gaeilge i gColáiste Alexandra. Ag pointe éigin i ndiaidh 1924 d’éirigh léi post múinteora Gaeilge a fháil - agus d’fhéach chuige go mbeadh deirféaracha agus deartháireacha léi ag gabháil don obair chéanna - agus bhí sí ag múineadh i gceardscoileanna anseo is ansiúd. Ar feadh 30 bliain bhí sí ina príomhoide i gCeardscoil na gCailíní, Sord. Bhí Gaeilge, stair agus cócaireacht á múineadh aici ansin, cé go ndeirtear nár chócaire rómhaith í. Bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge ar feadh a saoil agus bhí sí ar choiste an Fháinne.

Bhí sí i gCumann na mBan i nDún na nGall. Deir a neacht: ‘When the Irish Free State was established, Síle opposed it violently, and began a long career as an IRA supporter, and an active member of its female counterpart, Cumann na mBan. She was an Amazon in every way, strong, stout, with calf muscles that would do justice to a grand piano (developed, no doubt, in her marathon journeys by bicycle) and a very dominant personality’. Deir Pádraig Ó Baoighill: ‘Bhí Síle Ní Dhubhgáin agus a deirfiúr Cití ar thórramh Phluincéid (Niall Pluincéad Ó Baoill 1898-1923) i gCeann Caslach i mí Bealtaine 1923. Ceantálaí agus óstóir a bhí in athair Shíle, Micheál Arais. Bhí teach mór agus Oifig an Phoist acu i nGaoth Dobhair agus sheas an teaghlach uilig, fir agus mná, don Phoblacht go deireadh. Rinneadh baghcat ar Oifig a’ Phoist cúpla uair le linn an Chogaidh Chathardha. I rith a saoil d’oibir Síle go dícheallach do Ghluaiseacht na Poblachta, do Choláiste Gaeilge Ghort an Choirce agus do gach rud a bhain le hÉirinn.’(Óglach na Rosann: Niall Pluincéad Ó Baoighill, 1994).

Shíl sí scannáin a bheith peacúil agus nuair a bhí triúr dá deirfiúracha agus beirt dá gcairde ina gcónaí léi in An Stad, 9 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath, ní ligfeadh sí dóibh dul amach agus smid orthu.

Bhí sí ina rúnaí ar Choláiste Uladh, Cloich Chionnaola, ó d’éirigh Úna Ní Fhaircheallaigh as. Scríobh ‘L.Ó C.’, agus é ag trácht ar a saothar ann: ‘Ní cuimhin liom í mar “fhear a’ tí” ag céilí, ach taobh amuigh de sin rinne sí gach rud eile chun na cúrsaí samhraidh a eagrú, a reáchtáil agus a dhéanamh tarraingteach ar gach dóigh. Ach is mar mhúinteoir atá cuimhne agam uirthi agus i gcead do na daoine eile a chaith tréimhse mar mhúinteoir domhsa ar ábhar ar bith, ní dóigh liom go raibh a chomhionann mar mhúinteoir i gCúige Uladh. Níor leor di Gaeilge a theagasc, bhí fealsúnacht i gcónaí le gach ceacht. Níor leor di focal a thabhairt do mhic léinn, bhí ciall, réasún agus tuiscint ag dul leo. Níor leor di ach oiread Gaeilge a theagasc mar “ábhar”, bhí iomlánú ar an saol aici san teagasc’ (An tUltach Iúil 1965 ). Bhí sí ina stiúrthóir ar Fhoras na Gaeilge (eagraíocht Ghael Linn). D’aistrigh sí féin agus Eithne, Bean Mhic Oistigín, Le Mie Prigioni le Silvio Pellico go Gaeilge mar Mo Chuidse Príosún, 1956 [ i.e.1957]. Bhronn rialtas na hIodáile onóir uirthi dá bharr.

D’éag sí i mBaile Átha Cliath ar 28 Bealtaine 1965. Bhí maithe agus móruaisle na Gaeilge ar a sochraid i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall. Lean slua mór cóisir na sochraide go dtí a háit dúchais agus cuireadh i reilig Mhachaire Gathlán í. Tá de thuairim ag a muintir gur ghabh an tIRA seilbh ar an tsochraid ag an nóiméad deireanach. In Donegal Democrat 4 Meitheamh 1965 is é a tugadh uirthi ‘a member of the Republican movement to which she had remained true to death’. Bhí aiste ar Ghaoth Dobhair i gcló in Fáinne an Lae, Lúnasa 1927 ag a deirfiúr Sorcha; scríobh Eoin Ó Searcaigh marbhna uirthisean (‘Is brónach fuaim na dtonn ar thrá’) in An Tír, Feabhra 1931. D’éag sí den fhliú san árasán in An Stad in aois a 26 bliana di ar 5 Feabhra 1931.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú