Tá cuntas (‘The Irish Language in Co. Down’) le Ciarán Devine [Ó Duibhín]) air in County Down: History and Society, 1997 in eagar ag Lindsay Proudfoot. I mBaile na hInse, Co. an Dúin, a rugadh John Michael Davitt McGuigan ar 4 Iúil 1885. Bhí teach tábhairne agus stábla fostaíochta ag a athair Edward McGuigan agus ba í Teresa Flynn a mháthair. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901 nuair a bhí cónaí orthu i Sráid Windmill: Edward (74), Teresa (51), Devit (Micheál) (15), Thomas (14), Teresa (9), William (6). Nuair a d’éirigh Edward as a chuid oibre cheannaigh sé feirm i mBaile Mhic Catháin in aice le Baile na hInse. D’fhág Micheál scoil in aois naoi mbliana dó agus bhí, de réir an daonáirimh, ag obair mar charraeir. D’fhoghlaim sé Gaeilge ar a chonlán féin agus bhí ina eagraí agus ina mhúinteoir ag Coiste Ceanntair Oirthear an Dúin de Chonradh na Gaeilge i 1911 agus, de réir cosúlachta, ag teagasc freisin i scoil náisiúnta Bhaile Philib. Bhí sé ina rúnaí ar Fheis an Dúin i 1912. Bhí dioplóma aige ó Choláiste Chomhghaill, Béal Feirste, agus teastas ó Choláiste Uladh, Cloich Chionnaola. Bhí sé ar fhoireann teagaisc Choláiste Chomhghaill in Eanáir 1912. Bhain sé amach teastas san oideachas in Ollscoil na Ríona i 1919. Bhí baint aige le Coláiste Maolmhaodhóg ar Reachlainn ó 1914 go dtí timpeall 1922. Chaith sé cuid mhór dá shaol ag múineadh i Scoil na mBráithre i mBéal Feirste. D’éag sé ar 3 Nollaig 1970 agus cuireadh é i mBaile na hInse. Bhí sé pósta faoi dhó. Bhí seisear leanaí aige féin agus a chéad bhean, Annabella FitzSimons. Nuair a cailleadh Annabella phós sé Mary O’Neill ó Bhaile Átha Cliath agus bhí naonúr leanaí acu. (Tá iomlán na tuairisce seo bunaithe ar thaighde a rinne Ciarán Ó Duibhín).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú