Bhí an Bráthair Críostaí seo ina bhall de Chomhairle Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge i mblianta tosaigh na heagraíochta sin. Tá eolas air ag Máirtín Ó Murchú in Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: tús an athréimnithe, 2001, in Gníomhartha na mBráithre, 1996 in eagar ag Micheál Ó Cearúil, in Edmund Ignatius Rice and the Christian Brothers, 1926 le Bráthair Críostaí, agus in A tree is planted: the life and times of Edmund Rice le Michael Columba Normoyle [B8: 258b].

I gCallainn, Co. Chill Chainnigh, a rugadh é. Ba é an duine ab óige sa teaghlach é agus cailleadh a thuismitheoirí agus é ina leanbh. Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é. Bhí a mhuintir cairdiúil le Edmund Ignatius Rice – arbh as Callainn dó freisin. Chuaigh sé isteach san ord agus faoi 1823 bhí cónaí air in aontíos le Rice i gCnoc Sióin, Port Láirge, an scoil ba thúisce ag na Bráithre. ‘He was a youth of studious habits and was a close student of the history and language of his country in both of which he had attained a high standard of proficiency’ (Edmund Ignatius Rice ...). Cuireadh go hInis Díomáin an bhliain dár gcionn é. Thugadh sé seanmóir Ghaeilge do dhaoine fásta gach Domhnach agus mhúineadh Teagasc Críostaí dóibh siúd a bhí gan Bhéarla. ‘It is most edifying to see on Sundays and holydays the pastor at one end of the chapel preaching in English to one part of the congregation and the young religious at the other end most fervently instructing through the medium of the ancient language of their country those to whom the English language was unknown.’ (Edmund Ignatius Rice ...).

Deir J. J. Fitzpatrick In Edmund Rice ..., 1945 go raibh sé ina uachtarán ar theach na mBráithre in Preston, Lancashire, in 1826. Deir Ó Cearúil: ‘Fathach fir ba ea Austin Grace, a chaith breis is daichead bliain i Scoil Uí Chonaill agus é i mbun oiliúint ghairmiúil na n-earcach agus páirt aige i ngach aon ghné de shaothar na Cuallachta.’ In 1839 nuair a bhí bráithre Scoil Shráid Risteamain beo bocht glaodh abhaile air agus d’eagraigh sé bailiúchán seachtainiúil ó dhoras go doras. Cara leis ba ea an Cairdinéal Ó Cuilinn agus thug seisean tacaíocht do na Bráithre. Bhí sé cairdiúil le Domhnall Ó Conaill agus thug cuairt air i bpríosún go bhfuair síntiús! Um 1878 bhí 13 scoil ag na Bráithre san Ard-Deoise, Rae an Iarthair agus Sráid Synge ina measc. Ba é a scríobh lámhleabhar teagaisc 1844, ina bhfuil cur síos ar an teoiric oideachais a raibh córas na mBráithre bunaithe uirthi. Deir Ó Cearúil: ‘Luaitear ainm an Bhr. Aibhistín de Grás go háirithe le scoileanna Shráid Richmond Thuaidh, Baile Átha Cliath. Cé go raibh an fhondúireacht sin ag saothrú laistigh de shrianta crua airgeadais, chuaigh sí ó neart go neart, go príomha de bharr a raibh d’fhuinneamh, de dhul chun cinn agus de mhisneach sa bhfear sin.’ Chaith sé daichead bliain i gceannas ar na scoileanna sin.

In 1868 thug sé fianaise os comhair an Choimisiúin um Oideachas in Éirinn (1865) faoi The literary class-book or fourth series of reading lessons, 1840. Deir Ó Cearúil: ‘Ba é an Ceathrú leabhar, nó an Literary class-book, an leabhar ba náisiúnaí den tsraith agus ba é ba mhó a spreag frithghníomh ón bpobal. Aithníodh claonadh láidir Caitliceach ann a d’fhéadfadh a bheith frith-Shasanach ach b’annamh a cuireadh an frith-Phrotastúnachas ina leith.’ Chuir ball den Choimisiún i leith De Grás gurbh ag iarraidh gráin ar Shasana a chothú a bhí an leabhar. D’fhreagair sé gurbh ionann grian an mheán lae a dhalladh a bheith ag iarraidh nach lonródh solas na staire ar imeachtaí na seanaimsire. Dúirt sé freisin gurbh i ngeall ar a luacha liteartha a rognaíodh na píosaí sa leabhar agus nár ar mhaithe le feidhm pholaitiúil.

Ag cruinniú de Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge in 1880, iarradh air cuidiú le Gaeilge a chur á múineadh i scoileanna na mBráithre. Ag an am sin bhí sé ina chúntóir ag Ard-Uachtarán an oird agus bhí meas mór air. Fuair sé tacaíocht ó scoileanna ar fud na tíre. Deir Ó Murchú nach bhfuil an oiread sin tagairtí dó sna miontuairiscí ina dhiaidh sin. Más fíor gurbh in 1800 a rugadh é, agus dhealródh ón teastas báis gur timpeall na bliana sin é, níorbh ionadh má bhí ag fuarú ar a dhúthracht.

D’éag sé in Marino 26 Eanáir 1886 in aois a 86 bliain. Sa Leas-Ardeaglais a ceiliúradh an t-aifreann éagnairce agus ghlac an tArdeaspag William Walsh agus 70 sagart páirt ann. Nuair a tugadh go Marino é lena adhlachadh bhí fad míle slí sa chóisir sochraide. Dúradh i dtuarascáil bhliantúil Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge 1886: ‘The Council have to regret the loss by death of the Revd Brother Grace, Superior of the Christian Schools, and one of the oldest members of the Council. It was owing mainly to the influence of this venerated man that Irish has been so successfully studied in the Christian Schools.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú