Bhí sé ina uachtarán ar na Teaghlaigh Ghaelacha. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 24 Eanáir 1925. Ba iad Criostóir Ó hÓgartaigh agus Mairéad de Faoite a thuismitheoirí. Bhí sé ar scoil i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell. Ghnóthaigh sé dioplóma sa chaidreamh poiblí i 1956 agus toghadh é ina chomhalta d’Institiúid na Rúnaithe i 1967. Chaith sé 16 bliain ag obair i roinn na gcuntas i gCóras Iompair Éireann agus as sin amach bhí ag obair mar bhainisteoir i nGaeltarra Éireann agus in Údarás na Gaeltachta. Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i nGaillimh ar feadh tamaill. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhlucht Gaedheal na Gaillimhe ó 1985 go 1988 agus ina rúnaí acu ó 1973 go 1985. D’éag sé 31 Bealtaine 2002. Bhí sé pósta ar Mháire P. Ní Bhroin agus bhí seisear leanaí acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú