In Feasta, Iúil 2000 tá cuntas air ag Liam Prút (‘Níorbh aon ghnáthdhuine é an File agus an Bráthair, Liam Ó hÁinle [1920-2000]’) mar aon le nóta ar na ‘Dánta Déanacha’ le Pádraig Mac Fhearghusa; tá eolas air freisin in Nua-fhilí 3, 1979 le Séamus Ó Céileachair agus in Scríbhneóirí na Gaeilge 1945-1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh. Tá alt critice le Seán Ó Briain in Gníomhartha na mBráithre ..., 1996 in eagar ag Micheál Ó Cearúil. Sa Cheathrú Mhór, Cill Míde, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 27 Meitheamh 1920. Ba iad a thuismitheoirí Michael Hanley, feirmeoir, agus Ellen McAuliffe. I ndiaidh bunoideachais i gCill Míde agus in Áith Liní d’fhreastail sé ar Mheánscoil na mBráithre Críostaí sa Ráth, Co. Chorcaí. Chuaigh sé isteach sna Bráithre i 1936.

Idir 1943 agus 1956 bhí sé ag múineadh i scoileanna éagsúla. Bhí sé ina phríomhoide agus ina bhainisteoir i nDún Garbhán idir 1956 agus 1962 agus i nDroimeanach ó 1963 go 1966. Toghadh ina bhall den Chomhairle Chuígíoch é i 1966. Fisic agus ceimic na hábhair a mhúineadh sé agus is maith mar a d’éiríodh leis spéis a mhúscailt iontu. Gan amhras bhí grá ar leith aige don Ghaeilge. Tar éis dó éirí as obair in Éirinn, agus é seachtó bliain d’aois, chuaigh sé ar an misean go Livingstone sa tSaimbia agus bhí ag múineadh na matamaitice agus na fisice ann. ‘Chuir a shaol sa tSaimbia leis an ilghnéitheacht ina shaothar: d’fhoilsigh an Clóchomhar Goin Ocrais, 1999 agus Dord Deataigh, 1996 ó chuaigh sé ar a athmhisean’ (Prút). Iarscoláire dá chuid, Tabo Kaingu, a rinne na léaráidí in Goin Ocrais; scríobh sé chuig Mac Fhearghusa gur de bharr gurbh fhear óg ildánach é gur íoc sé táillí Choláiste na hEalaíne in Lusaka dó. Is iad na bailiúcháin eile leis: Cill chré, 1976 agus Crainn seoil, 1990. Chuir sé eagar ar Buí an fhómhair: díolaim próis agus filíochta, 1969, a d’fhoilsigh na Bráithre Críostaí. D’éag sé in Livingstone ar 10 Bealtaine 2000 agus ba é a mhian gurbh ann a chuirfí é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú