I gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, mar a raibh post státseirbhíse ag a athair, a rugadh an drámadóir seo 26 Márta 1916. Tá caibidil (‘A Personal Memoir of the Thirties’) ar chuid dá imeachtaí in Strong Words Brave Deeds: The Poetry, Life and Times of Thomas O’Brien, Volunteer in Spanish Civil War, 1944 in eagar ag H Gustav Klaus. Innealtóir sibhialta a athair Richard. Ba í Mary Ryan (‘Seán Óg’) ó Áth an Chuilinn, Co. Thiobraid Árann, an dara bean aige agus ba í siúd máthair Sheáin. Bhí deartháir aige agus seisear leasdeartháireacha. Réamonnach láidir ba ea an t-athair ach bhí duine de na leasdeartháireacha sna hÓglaigh. D’aistrigh an teaghlach go Bré nuair a bhí Seán sé bliana d’aois agus is ann a d’fhás sé suas; bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge, Baile Átha Cliath. Sular fhág sé scoil bhí sé ina aindiachaí.

Adhnadh a spéis sa Ghaeilge agus sa drámaíocht ar scoil nuair a ghlac sé páirt i ndráma Dhónaill Uí Chorcora, Aiséirí. I 1933 chaith sé tamall sa Ghaeltacht. D’éirigh leis post mar Oifigeach Feidhmiúcháin a fháil in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Sóisialach láidir ba ea é. Faoi 1937 bhí sé ina bhall den New Theatre Group, compántas a raibh baint acu le Club Leabhar na hEite Clé, agus léirigh siad sin a dhráma Lock Out sa Phéacóg 4-9 Nollaig 1939. Léiríodh a dhráma Doircheacht agus Dearmad san amharclann chéanna 5-9 Samhain 1940. Dráma Gaeilge freisin is ea Tycoon a léirigh Compántas Chorcaí sa CCYMS Little Theatre i gCorcaigh i bhFeabhra 1967; léirigh an Club Drámaíochta in Amharclann Damer é 4-22 Deireadh Fómhair 1966 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail).

Bhí i gceist aige liostáil sa Bhriogáid Idirnáisiúnta i gCogadh Cathartha na Spáinne ach ba é cinneadh Sheáin Murray, rúnaí Pháirtí Cumannach na hÉireann, gurbh fhearr a d’fhóinfeadh sé do chúis an Pháirtí go bhfanfadh sé sa phost a bhí aige. Nuair a cheap an Tánaiste William Norton ina phreasoifigeach é sa Roinn Leasa Shóisialaigh tuairim 1948 d’éirigh rúnaí na Roinne sin, Dan Donovan, as a phost nuair nár ceadaíodh é faoin gceapachán. Tarraingíodh aird air roimhe sin nuair nach n-íocfaí liúntais leanaí na státseirbhíse leis; is amhlaidh a phós sé Freda Caplin, Giúdach, in Gretna Green, pósadh nach raibh bailí, dar leis an státseirbhís, agus b’éigean dóibh pósadh arís. Bhí cónaí air i gCill Mochióg, Co. Bhaile Átha Cliath, nuair a d’éag sé 12 Bealtaine 2002. Bhí mac agus seisear iníonacha aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú