Iriseoir é a léirigh spéis sa Ghaeilge agus é ag tuairisciú i gcomhair nuachtán idir chúigíoch agus náisiúnta. Ag 112, an Baile Gaelach, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é 3 Samhain 1920. Bhí a athair Pádraig ina fheighlí san ospidéal meabharghalar and ba í Margaret Dooley a mháthair. Bhí deirfiúr agus deartháir aige. Gheofar ábhar dírbheathaisnéiseach in Ar mo chonlán féin, 1980, sa mhéid go dtráchtann sé ann ar phearsana agus nuachtáin na gceantar ar chaith sé tréimhsí iontu. Tá tuairisc a bháis in Irish Times 26 Bealtaine 2000 faoin gceannteideal ‘Death of former IT sub-editor’. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí san Ardscoil i gCluain Meala agus tar éis na hArdteistiméireachta fuair sé post cléireachais sa bhaile sin. Toghadh é ina rúnaí ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge agus bhí de nós aige nótaí faoi imeachtaí na Gaeilge a chur isteach chuig an Nationalist. An craoltóir aitheanta a bhí ina eagarthóir ar an bpáipéar sin, Tommy O’Brien (1905-88), a mhol go dtabharfaí post mar ábhar tuairisceora dó. Tuairim 1943 d’aistrigh sé go dtí an Limerick Leader agus chaith tamall ina leaseagarthóir ar an Limerick Weekly Echo; bhí sé gníomhach sa Chonradh ann. Bhí sé tamall leis An tIolar [The Standard], agus ann, ní foláir, a d’éirigh sé cairdiúil leis an bhfile Patrick Kavanagh; deir sé gurbh é Kavanagh a bhíodh á ghríosadh chun an ‘dírbheathaisnéis’ a scríobh. Chaith sé tamall i gCill Chainnigh ag obair leis an Kilkenny People. I bPort Laoise bhí sé ina eagarthóir ar an Leinster Express agus i Loch Garman ina eagarthóir ar an Enniscorthy Echo. Ina dhiaidh sin bhí sé ina fho-eagarthóir ag an Irish Times. ‘Saothrú ar son na Gaeilge is labhairt na Gaeilge an caitheamh aimsire ba mhó dá raibh agam sna blianta tosaigh úd. Ó bhliain go chéile, thugainn aghaidh ar an nGaeltacht le feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge—chuige sin, ba mhó a théinn go dtí Cúil Aodha ná go dtí an Rinn féin.’ Bhíodh ailt aige i gcolún ‘An Irishman’s Diary’ inIrish Times tar éis dó éirí as obair i 1986. D’éag sé 25 Bealtaine 2000 agus tá sé curtha i reilig Bhaile Dardas. Bhí sé pósta le Nessa de Loughrey (a d’éag i 1999) agus bhí iníon agus beirt mhac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú