D’aistrigh sí dráma le Molière go Gaeilge faoin teideal Fear na sainnte, 1937. Ba í freisin a d’aistrigh dírbheathaisnéis Naomh Treasa faoin teideal Scéal anama. B’as Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir, di. Bhí BA agus HDip in Ed. aici agus chaith sí tamall ina meánmhúinteoir sular fostaíodh í mar eagarthóir cúnta i mBrainse na bhFoilseachán (An Gúm), áit a raibh sí go ndeachaigh sí amach ar pinsean. I gCill Fhionnúrach a bhí sí ina dhiaidh sin. D’éag sí 8 Nollaig 1990.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú