Bhíodh aistí, aistriúcháin agus scéalta aige in Humanitas, Ar Aghaidh, An tUltach. . . . I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 9 Meitheamh 1905. Bhí a athair William ina chló-eagraí san Irish Times. Cuireadh oideachas air i Scoil Sráid Synge agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina léachtaí Spáinnise sa Choláiste Ollscoile 1925-27. Chuaigh sé isteach sa státseirbhís mar oifigeach riaracháin i 1927 agus bhí ina chathaoirleach ar na Coimisinéirí Cánach nuair a chuaigh sé amach ar pinsean i 1970. Bhí sé ina rúnaí ag Cumann Gaelach na státseirbhíse idir 1929 agus 1933. Scríobh sé The History of the Revenue Commissioners, 1981. Bhí sé pósta ar Mary Lannin agus bhí mac agus cúigear iníonacha acu. D’éag sé ar 12 Eanáir 1985.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú