Bhí sé ina Ollamh le Stair na hÉireann i gColáiste Ollscoile Chorcaí 1954-61. I bPort Láirge a rugadh é ar 22 Aibreán 1906. Tar éis a bheith ar scoil i gCnoc Síon, Port Láirge, bhí sé i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus in Friedrich-Wilhelm Universitat i mBeirlín. Bhí sé ina phríomhoide ar an gcúrsa samhraidh i gColáiste Déagláin san Aird Mhóir in 1932. Tar éis dó a bheith ina Leabharlannaí Cúnta san Acadamh Ríoga 1932-37 ceapadh é ina léachtaí le stair i gCorcaigh i 1937. Ba é a chuir eagar ar Féilscríbhinn Torna..., 1947. Chuir sé eagar ar théacsanna sa leabhar sin agus in Zeitschrift für celtische Philologie. Bhí spéis ar leith aige i gcúrsaí ginealais agus bhí sé ina bhall de Choimisiún na Lámhscríbhinní. Bhí sé pósta ar Mary Hayes agus bhí cúigear leanaí acu. D’éag sé 14 Samhain 1990.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú