Bhí an scoláire Béarla seo ag múineadh Gaeilge tamall; scríobh sé go háirithe ar an nGaeilge i saothar James Joyce agus d’aistríodh sé ábhar ón nGaeilge. Bhí sé i ndrochshláinte cuid mhaith dá shaol. Tá cuntas iarbháis in San Francisco Chronicle 19 Márta 1991 agus tá ábhar ina thaobh le fáil san idirlíon. Féilscríbhinn is ea A Celtic Florilegium: Studies in honour of Brendan O Hehir, 1996, in eagar ag Kathryn A. Klar, Eve E. Sweestser agus Claire Thomas. I measc na scríbhneoirí a sholáthair ailt ina onóir ann tá Proinsias Mac Cana, J. E. Caerwyn Williams, Calvert Watkins, Joseph Falaky Nagy, agus tá cuntas ar a bheatha ann ag Robert Treacy.

I Nua-Eabhrac a rugadh é 11 Aibreán 1927. B’as Cathair na Mart dá thuismitheoirí, Andrew J. O Hehir agus Marie Lennon. Nuair a maraíodh an t-athair i dtimpiste i 1931 fágadh an mháthair ar bheagán ioncaim agus chuir sí Brendan chun cónaithe le gaolta i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Phós sí arís agus d’fhág sin go raibh leasdeirfiúr ag Brendan. Faoin am ar fhill sé ar Nua-Eabhrac in aois 13 bliain dó bhí eolas curtha aige ar an nGaeilge i Scoil Cholmcille (an Mhodhscoil Láir). San Cardinal Hayes High School sa Bronx a bhí sé ansin, scoil ina gcuirtí tábhacht ar leith le foghlaim na Laidine. Thug scoláireacht go Fordham é. D’fhág sé an coláiste sin i 1945 agus bhí ag obair i mbanc in Baltimore go 1953. Tar éis bunchéim a ghnóthú in Ollscoil Loyola i 1953 fuair sé céim mháistir i 1954 agus dochtúireacht i 1959 ó Ollscoil Johns Hopkins. D’fhostaigh Ollscoil California é mar theagascóir i 1958 agus ceapadh é ina ollamh cúnta i 1960. Bhí sé i gceannas ar Roinn an Bhéarla ann ar ball.

Bhí Sean-Ghaeilge agus Nua-Ghaeilge á múineadh aige freisin. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chlár an Léinn Cheiltigh san ollscoil agus ba é an chéad chathaoirleach air é. I 1978 bhí sé ar dhuine de bhunaitheorí an Celtic Studies Association of North America agus den University of California Celtic Conference an bhliain dár gcionn. Ba shaineolaí é ar litríocht mheánaoiseach na Breatnaise. Scríobh sé A Gaelic Lexicon for Finnegans Wake, 1967 agus, i gcomhar le John Dillon, A Classical Lexicon of Finnegans Wake, 1977. Deir Robert Treacy: ‘The Gaelic Lexicon identified Irish words and phrases in Joyce’s work. But it performed an equally valuable task and gave a new direction to Joyce studies by revealing how much Irish Joyce actually knew.’ D’aistrigh sé An Béal Bocht ach níor foilsíodh é. Bhí aistriúcháin ar 24 scéal Gaeilge á n-ullmhú aige, mar aon le Polyglossary to Finnegans Wake. D’éag sé in California 16 Márta 1991 ach ba é Lá Fhéile Pádraig in Éirinn é agus roghnaíodh sin mar dháta báis. Phós sé trí huaire; scar sé leis an gcéad bhean, Irene Flynn, go luath sa phósadh; phós sé Diana Farnham Fiske i 1957 agus bhí mac acu; phós sé Laura Morland i 1987. Scaipeadh a luaith sa Bhealach Mór (sunda an Bhlascaoid). Tógadh ina Chaitliceach Rómhánach é agus deirtear gur fhill sé ar an gcreideamh sin mí roimh a bhás.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú