Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea an cairdinéal seo. Scríobh Francis J. Weber a bheathaisnéis: Magnificat: the life and times of Timothy, Cardinal Manning, 1999. I mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 14 Samhain 1909. Gabha ba ea a athair Cornelius agus ba í Margaret Cronin a mháthair. Tar éis bunoideachais chuaigh sé go ceann de scoileanna na mBráithre Críostaí i gcathair Chorcaí agus as sin go Coláiste Mhungairit chun dul le sagartacht i ndeoise Los Angeles / San Diego. Le linn dó a bheith i Mungairit bhuaigh sé bonn óir ar scéalaíocht i nGaeilge. Fuair a mhuintir cabhair airgid chun go gcaithfeadh sé bliain san Eilbhéis ar eagla na heitinne; fuair a dheirfiúr bás den ghalar sin. Oirníodh in Los Angeles é i 1934. Chaith sé tamall sa Róimh ag staidéar ar an Dlí Canónta. Bhí sé ina easpag cúnta faoi 1967 agus bhronn Conradh na Gaeilge díleagra air ag an bpointe sin; ‘Tadhg Ó Mongáin’ a thugtar air sa scríbhinn sin. Ainmníodh ina chairdinéal é i 1973. D’éag sé ar 23 Meitheamh 1989. Is iomaí cuairt a thugadh sé abhaile agus i 1947 bhronn Gaeil Chorcaí (‘The Gaels of Cork’) macasamhail de chailís Thigh Molaige air. Bronnadh saoirse chathair Chorcaí air i 1973.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú