Seo é an scoláire Froinsiasach a chuir eagar ar Graiméir Ghaeilge na mBráthar Mionúr, 1968. Luaitear é mar dhuine den seisear d’fhoireann taighde na bhFroinsiasach a ghlac páirt sa chomhoibriú a bhí ar bun le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath chun an tsraith Scríbhinní Gaeilge na mBráthar Mionúr a eagrú: Cainneach Ó Maonaigh, Cuthbert Mhág Craith, Pádraig Ó Súilleabháin, Anselm Ó Fachtna, Fearghal Mac Raghnaill. Tá liosta a shaothair in Dún Mhuire Killiney 1945-95: Léann agus Seanchas, 1995 in eagar ag Benignus Millett agus Anthony Lynch. Ag 115 Bóthar na Bandan, Corcaigh, a rugadh é 16 Eanáir 1917; Seosamh a ainm baiste. B’as Tairbeart, Co. Chiarraí, dá athair John Egan, taistealaí tráchtála tae, agus b’as Drom Collachair, Co. Luimnigh, dá mháthair Mary O’Riordan. Bhí beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. D’aistrigh an teaghlach go Luimneach agus is ag na Bráithre Críostaí i Sráid Sexton ansiúd a bhí sé ar scoil. Chuaigh sé isteach sna Froinsiasaigh i Muilte Farannáin 4 Meán Fómhair 1930. Celestine a ainm crábhaidh i dtús báire ach roghnaigh sé Bartholomew ina dhiaidh sin. I ndiaidh tamaill i gCill Airne bhain sé céim MA amach sa léann Ceilteach i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Oirníodh é sa Róimh i 1941. Bhí sé ar ais in Éirinn faoi 1942 agus ghnóthaigh Ph.D. i nGaillimh.

Bunaíodh Dún Mhuire agus a fhoireann taighde i gCill Iníon Léinín, Co. Bhaile Átha Cliath, i 1945 agus an bhliain dár gcionn bhí Parthalán ar dhuine den fhoireann sin. Cuireadh chun na Róimhe é i 1947 d’fhonn go mbaileodh sé taifid agus go bhfoghlaimeodh sé ceird na leabharlannaíochta. Chaith sé tamall gairid i nDroichead Átha sular ceapadh é ina bhiocáire agus ina mháistir ar mhic léinn i Lováin i 1955. Ní rómhaith a thaitin an obair sin leis agus d’fhill sé ar Chill Iníon Léinín i 1959. Chaith sé bliain i mBaile Mhic Gormáin agus bliain i bPort Láirge sular ceapadh ina ghairdian i Lováin é 1963-64. Bhí sé i mBaile Átha Cliath ansin ar feadh ceithre bliana sular thosaigh sé mar leabharlannaí proibhinseach i 1969 ag cur eagair ar an leabharlann i nDún Mhuire agus ar leabharlanna eile an oird. Is iomaí sin alt ar stair an oird agus ar Fhroinsiasaigh nótáilte a scríobh sé in irisí léannta agus in The New Catholic Encyclopedia. D’éag sé 8 Aibreán 1990 agus cuireadh é i Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú