I gcathair Chorcaí a rugadh é agus bhí sé ar scoil i gColáiste na Toirbheartasa chathair. Chuaigh sé isteach i gCumann Íosa i 1928 agus oirníodh é i 1942. Chaith sé 24 bliain i dteach an oird i Sráid Ghairdinéir, Baile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin bhí sé tamall ag múineadh i gcoláistí an oird anseo is ansiúd in Éirinn. I ndeireadh a shaoil bhíodh sé ag tabhairt misean agus cúrsaí spioradálta in Éirinn agus sa Bhreatain. Ba dhuine de bhunaitheoirí Foilseacháin Ábhair Spioradálta é agus bhí baint mhór aige le hAspaltacht na hUrnaí agus le Timire an Chroí Naofa. Bhí sé ina stiúrthóir ar Chuallacht Mhuire gan Smál agus ar Chuallacht na nOibrithe Oíche. Bhí sé ar choiste Chumann na Sagart agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. D’éag sé 9 Iúil 1995. Tá cuntas iarbháis in Anois.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú