Tá cuntais iarbháis ar an bhfeadánaí seo in An tUltach, Nollaig 1994 agus in Anois 24-5 Meán Fómhair 1994. I mBaile Andarsan, Béal Feirste, a rugadh é ar 30 Meán Fómhair 1955 agus ba iad Agnes agus Bill Kennedy a thuismitheoirí. Bhí sé pósta ar Mhairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir. D’fhoilsigh Gael Linn taifead de cheol na beirte, Ceol Aduaidh, i 1983. Múinteoirí an bheirt acu agus ba bhaill den ghrúpa Altan iad. D’éag sé ar 19 Meán Fómhair 1994 agus tá sé curtha i Machaire Gathláin, Gaoth Dobhair. Bíonn Scoil Frankie Kennedy ar siúl go luath i ndiaidh na Nollag.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú