Tá cuntas inspéise ar an mBriotánach seo ag Éamon Ó Ciosáin in Comhar, Eanáir 1986 (‘Lughaidh Andouard . . ., Gaeilgeoir Briotánach agus Foclóir Gaeilge Briotáinise’). Captaen loinge é a d’fhoghlaim Briotáinis agus Gaeilge. D’aistríodh sé idir dhánta agus phrós Gaeilge go Briotáinis. Deir Ó Ciosáin: ‘Timpeall na bliana 1937, bhí plean ag Roparz Hémon go gcuirfí a fhoclóirín Brezhoneg Eeun i ngach uile theanga Cheilteach. Thosaigh Loeiz Andouard ar an leagan Gaeilge, ach tháinig blianta corracha ina shaol ina dhiaidh sin. . . . Tá an foclóir réidh anois lena fhoilsiú.’ D’éag sé i mí an Mheithimh 1985.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú