Seo í an tuairisc a bhí ar an teaghlach i nDaonáireamh 1901 nuair a bhí cónai orthu sa teach ‘Castlenau’, Ascaill Herbert, Muirfin, Baile Átha Cliath: John J. Haugh (38) a rugadh i gContae an Chláir, ollamh le matamaitic agus iriseoir, Gaeilge aige: Catherine (27) a rugadh i gContae Chorcaí, Béarla amháin aici; Dermot (seacht mí). I nDaonáireamh 1911 is iad a bhí sa teach: Kathleen (32), Dermot (10), Kevin (9), Nancy (7), Irene (5). Sa teach freisin bhí máthair Kathleen, Anne Hanrahan, baintreach a rugadh i dTiobraid Árann, agus beirt de dheirfiúracha Kathleen a rugadh i gContae Chorcaí, Madge (33) agus Mary (27). Bhí Gaeilge ag na daoine fásta go léir. D’éag John Haugh, nó Seán Ó hEachach, ar 29 Deireadh Fomhair 1908 agus tá sé curtha i reilig Ghlas Naíon. Ar a leac uaighe tá scríofa: ‘Ní bás dár bhfaraire – maireann a chlú is a cháil / i gcroí a charad i bhfearann glas Inse Fáil.’ De réir Evening Herald 30 Deireadh Fómhair 1908 is i gCill Chaoi, Co. an Chláir, a rugadh é. Is i gColáiste na Carraige Duibhe a bhí sé ina ollamh le matamaitic. Dúradh faoi sa tuairisc sin: ‘He was author of a number of mathematical works – his Civil Service Arithmetic [Higher arithmetic for the Civil Service, Intermediate and National Teachers’ Examinations, 1880 (18ú heagrán 1917)] being both well-known and long recognised as a standard work.... He conducted the Civil Service column in the old Shamrock for a time.... The deceased gentleman was a familiar figure in Dublin. Standing over six feet in height, he was built in proportion and was altogether a fine type of manhood.’ Téacsleabhar eile a chuir sé ar fáil is ea Key to Higher Arithmetic for Civil Service, Intermediate, and National School examinations, 1898. I measc a dhaltaí i gColáiste na Carraige Duibhe bhí Éamonn de Valera agus Tomás Ó Rathile.

D’éag Kathleen Haugh, baintreach, 17 Samhain 1938. Bhí cónaí uirthi ag 31 Bóthar Northumberland, Baile Átha Cliath, ag an am. Is do Kevin O’Hanrahan Haugh, S.C., a tugadh probháid a huachta. Bhí Irene Haugh áirithe, file, ina rúnaí ag Horace Plunkett.

Thug an tOllamh Máirtín Ó Murchú eolas air i gcúpla léacht statúideach de chuid Scoil an Léinn Cheiltigh (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) i 1999–2000. Thagair sé do litir dar dáta 15 Bealtaine 1881 ó Haugh chuig Cumann Bunachoimeádta na Gaeilge: ‘It is very gratifying indeed to have in such a leading institution our own Celtic taught side by side with the Classic and modern languages; and I anticipate a great liking being taken for the Philology by students well versed in that of other languages. We are engaged at present at Dr. Joyce’s Forus Feasa ar Éirinn and the poem Oisín air Thír na n-Óg.’ Thuairimigh Ó Murchú go mb’fhéidir gur mhúin sé roinnt Gaeilge do de Valera agus gurbh é a mhúscail spéis Uí Rathile i nGaeilge Chontae an Chláir. Tá a ainm i liosta síntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1883. Bhí sé ina bhall de choiste Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge ó 1889 amach agus ina bhall diograiseach de choiste na bhfoilseachán.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú