Ba é an scríobhaí ab fhearr é, b’fhéidir, sa dara leath den 17ú haois agus maireann trí cinn dá lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann. ‘A scribe of the first rank’ a thugann Tomás Ó Rathile air in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1909 (‘Two Irish Arthurian Romances’). In The Irish Hand: scribes and their manuscripts from the earliest times to the seventeenth century with an exemplar of Irish scripts , 1984 deir Timothy O’Neill: ‘David O’Duigenan was a well-known professional scribe from Co. Sligo, a seventeenth-century representative of a family with a long scribal tradition. His copies of texts are highly regarded for their accuracy and are written in his very functional and sloping hand using all the conventional abbreviations. In the best traditions of the early Irish scribes David’s transcripts abound in marginalia about himself, his travels and particularly his health.’ Pól Breathnach is mó a scríobh cuntais air. Irish Ecclesiastical Record, 1921 (‘The learned family of Ó Duigeanan’); Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1932 (‘David O Duigenan, scribe’); Irish Men of Learning, 1947 (‘David O Duigeanain, scribe’); Irish Ecclesiastical Record, 1940 (‘The Book of Fenagh’). Bhí a mhuintir in ann a nginealach a rianadh siar go Niall Naoi nGialla. B’fhear gaoil leis Cúchoigríche, duine de na Ceithre Máistrí. Bhain sé leis an gcraobh a bhí lonnaithe i Seanchuaidh, Tír Oiliolla, Co. Shligigh, agus ba mhac é le Matha Glas Ó Duibhgeannáin. Ba í a mháthair Úna Nic Raghnaill (Magranell), Sí Beag, paróiste Chill Tiobrad, Co. Liatroma. Bhí sé bacach agus bhí éalang ar láimh leis; dhéanadh sé tagairtí sna nótaí imill mar ‘misi an bacach .i. Dáibhidh ó Duibhghennáin’ agus ‘A Dhia fóir ar ma láimh troim-thind’ nó ‘A nDruim Leachaoin dam agus mé tuirseach’, ‘Atá an lá fuar & mé tuirseach’, ‘a gCill Céire dhamh & mé tuirseach ag fuireach re brógaibh a ttigh Thoirrdealbhaigh Ruaidh & badh maith an áit sin’. Agus é ag cóipeáil ‘Buile Shuibhne’ in Seanchuaidh spreag an comórtas léimnigh idir Suibhne agus an chailleach an nóta seo: ‘Ar mho Dhia go mbrister cois na caillighi’. In áit eile sa scéal tá ‘A dhia fóir tinnuis mo chinn, Amen’. Scríobhadh sé véarsaí anseo is ansiúd. Tá fianaise Chathail Uí Chonchubhair againn gur chaith sé tamall i gCill Mhic Treana, Co. Shligigh, i ndeireadh a shaoil. Bhí sé pósta ar bhean de mhuintir Mhic Chon Midhe i mBaile an Chairn. Tá Pól Breathnach sásta gurbh i 1696 a d’éag sé. Tá sé curtha i Mainistir Bhaile an Dúin, in aice le huaigh Thoirdhealbhaigh Mhic Dhonnchadha. Bhí sé ar dhuine de na scríobhaithe a rinne cóip deLeabhar Fhíodhnacha. Luaitear a chóipeanna de ‘Macaomh an Iolair’, ‘Cath Magh Raith’ agus ‘Fled Dúin na nGéadh’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú