Tá cuntas ar an annálaí seo ag Sir John Gilbert in Dictionary of National Biography agus b’fhiú i le Ware beagán a scríobh faoi in De Scriptoribus Hiberniae. Deir Ware gur scríobh sé graiméar Gaeilge ach níl teacht air anois. Scríobh sé annála na hÉireann anuas go 1600 i Laidin agus chuir Richard Butler eagar orthu in 1848, in éineacht le hannála Laidine John Clyn (d’éag c.1349), faoin teideal The Annals of Ireland by Friar John Clyn and Thady Dowling together with the Annals of Ross. I gContae Laoise a rugadh é agus chaith sé cuid mhór dá shaol mar chisteoir agus mar sheansailéir i ndeoise Leithghlinne agus is ann a d’éag sé.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú