Tá cuntas ar an scoláire Gearmánach seo ag Seán Ó Lúing in Zeitschrift für celtische Philologie, 1994. In Dessau i dtuaisceart na Gearmáine a rugadh é agus cuireadh oideachas air in ollscoileanna Bheirlín agus Tübingen. Chuir sé spéis ar leith san fhocleolaíocht chomparáideach agus rinne staidéar faoi Franz Bopp. Chaith sé tamall i Sasana agus rinne staidéar ar an mBreatnais. Bhí tionchair an-mhór ag Grammatica CelticaJohann Kaspar Zeuss air. Thug James Henthorn Todd cuireadh go Baile Átha Cliath dó in 1854 agus bhí sé ag obair i leabharlann Choláiste na Tríonóide go dtí gur ceapadh é ina ollamh le Sanscrait agus leis an bhfocleolaíocht chomparáideach sa choláiste. Ba é an chéad duine é i bpost dá leithéid in Éirinn. Bhí staidéar á dhéanamh aige ar an nGaeilge agus ba chara é le George Petrie, le Seán Ó Donnabháin agus le scoláirí eile. D’éag sé ar 10 Eanáir 1863. Fiabhras inchinne ba thrúig bháis dó agus deirtear gur bharraíocht oibre ba shiocair leis. Foilsíodh ‘Miscellanea Celtica by the late R.T. Siegfried. Collected, arranged and edited by Whitley Stokes’ in Philological Society Transactions, 1867 [1868]. Foilsíodh leagan giorraithe sa Ghearmáinis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú