I mBaile na hInse i bparóiste Chnoc an Bhile, Co. Thiobraid Árann, a rugadh an sagart seo. Tá cuntas gairid air maille le seanmóir a thug sé an 14 Márta 1825 i gcló in Éigse Iml. XII, Cuid III, 1968 ag Anselm Ó Fachtna OFM. Curáideach i gCill Náile ba ea é sular ceapadh é ina shagart paróiste i nGort na hUamha, Tiobraid Árann, in 1805. Ba é a thóg an séipéal i nGleann an Ghuail in 1820 agus ann atá sé curtha. D’éag sé ar 18 Samhain 1847. Áiríonn Pádraig Ó Fiannachta in Léachtaí Cholm Cille 1972: Litríocht an 19ú hAois (‘Litríocht an Lae 1800-1850’) é i measc na sagart a bhreac a seanmóirí ar phár i litriú foghraíochta, a d’fhág ina ndiaidh, a deir sé, ‘téipeanna de chaint chuid de na cainteoirí Gaeilge is fearr a bhí thuas cúig nó sé glúinte ó shin.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú