B’as ceantar na Tulaí in oirthear an Chláir don duine seo a bhí ina leasuachtarán ar an Gaelic Society. Ag 9 Anderson’s Court, Greek Street, in aice na gCeithre Chúirt, a bhí cónaí air nuair a bhí an cumann sin á thionscnamh in 1806. Tuigeadh ón seoladh sin, agus toisc a oiread sin leabhar dlí a bheith ina leabharlann nuair a cuireadh ar ceant é in 1822, gur dóigh gur le dlí a bhain a shlí bheatha. I bpáipéar a léigh Séamus Ó Casaide os comhair Chumann Bibleagrafach na hÉireann ar 31 Deireadh Fómhair 1932 (i gcló maille le liosta a lámhscríbhinní in Irish Book Lover, Bealtaine-Meitheamh 1933) atá a bhfuil ar eolas ina thaobh. Ag an gcéad chruinniú den Gaelic Society ordaíodh gur chuige a chuirfí litreacha. Is léir ar thagairtí éagsúla dó agus ar liosta fada a lámhscríbhinní go mba bhailitheoir dúthrachtach é. Tá an méid seo faoin Gaelic Society in History of Dublin, 1815 le Warburton agus Whitelaw: ‘This clerk [James Woulfe] copied many volumes of the ancient Brehon laws from manuscripts lent to the Society for that purpose by John McNamara now of Sandymount, one of the vice-presidents, in whose library fair transcripts lie ready for publication.’ Is nuair a bhí ag teip ar a shláinte in 1814 a d’aistrigh sé go Dumhach Thrá. Ar Éadbhard Ó Raghallaigh a thit sé an dileagra a thabharfaí do Rí Seoirse IV le linn dó a bheith in Éirinn a chur i nGaeilge agus is chuig Mac Conmara a chuir sé an t-aistriúchán chun go gcaithfeadh sé súil air. In Freeman’s Journal 7 Meán Fómhair 1822 a bhí tuairisc a bháis: ‘On the 3d inst at Sandymount, after a long and tedious illness, John M’Namara, Esq formerly of Coolnahella, Barony of Tulla, Co. Clare. This Gentleman was profoundly skilled in the history and antiquities of Ireland, and was universally esteemed one of the most profound Irish scholars of his day. His MS collections relating to the language and literature of his native country are rare, curious and valuable.’ Deir Robert Herbert in Worthies of Thomond iii, 1946 go bhfuil liostaithe 67 imleabhar dá lámhscríbhinní, chomh maith le leabhair agus séadchomharthaí, ina measc ceithre cinn de fibulae déanta d’ór seanda na hÉireann nach bhfacthas riamh ó shin. Ar a leac thuama i reilig Naomh Maitiú sa Rinn (Baile Átha Cliath) bhí scríofa gur 58 bliana d’aois a bhí sé.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú