Ba é an duine deireanach é de chainteoirí dúchais Ghaeilge Mhanainn. Chuaigh scoláirí mar Heinrich Wagner agus Kenneth Jackson ar cuairt chuige agus chuir sé go mór lena n-eolas ar an teanga labhartha. Nuair a bhí sé an-óg d’fhanadh sé go minic lena aint agus a uncailí i bPort na hInse (Peel) agus d’fhoghlaim an teanga ar an gcuma sin. Cuireadh Ned in aithne d’Éamonn de Valera san oileán i 1947 agus d’iarr seisean ar an gCoimisiún Béaloideasa ábhar a thaifeadadh uaidh; cuireadh Caoimhín Ó Danachair ann chun an gnó a dhéanamh. D’éag sé ar 26 Nollaig 1974.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú