I mBeirlín a rugadh an focleolaí ceannródaíoch seo 10 Bealtaine 1820. Thosaigh sé ar an bhfocleolaíocht in Ollscoil Bheirlín, an Ghearmáin nuair a bhí sé 16 bliain d’aois, chaith tamall in Ollscoil Halle ag gabháil don fhocleolaíocht chomparáideach agus ansin rinne staidéar faoi Franz Bopp i mBeirlín. Bhí sé ina mhac léinn ag Johann Kaspar Zeuss freisin. Le linn dó a bheith ina ollamh in Institiúid Beheim-Schwarzbach ag Filehne thosaigh sé ar staidéar a dhéanamh ar na teangacha Ceilteacha. Chaith sé deich mbliana ó 1858 ina ollamh in Schneidemühl. As sin chuaigh sé go hOllscoil Bheirlín, an Ghearmáin mar ollamh le focleolaíocht chomparáideach. Cailleadh é 19 Lúnasa 1875.

Maireann a chlú mar gheall ar an eagrán leasuithe de Grammatica Celtica le Zeuss a chuir sé ar fáil in 1871. In Kuno Meyer 1858-1919, a biography, 1991 tagraíonn Seán Ó Lúing dó mar chomharba Zeuss, ‘who revised and republished his master’s book in the light of more advanced knowledge’. Deir sé freisin: ‘Ebel, who died young, is one of the great names in the succession of German Celtic scholarship.’

D’aistrigh William Kirby Sullivan cuid dá aistí agus foilsíodh iad faoin teideal Celtic Studies from the German of Dr. Hermann Ebel, with an introduction on roots, stems and derivitaves, and on case-endings of nouns in the Indo-European languages, 1863. Is léir go raibh foclóir Gaeilge ullmhaithe ag Ebel agus deir Seán Ó Lúing gur thug a bhaintreach do Kuno Meyer é. Bhí ‘Observations sur le Glossaire d’ O’Davoren’ i gcló aige in Revue Celtique 11, 1875. Tá ailt leis liostaithe ag R.I. Best in Bibliography of Irish Philology to 1912, 1913. Tá cuntas air in Encyclopedia Britannica (eagrán 1911). Luaitear ann dúil mhór a bheith aige i bhfilíocht agus i gceol.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú