Tá an file agus an t-aistritheoir seo luaite ag Desmond Ryan in The Sword of Light: from the four masters to Douglas Hyde, 1636-1938, 1939 mar dhuine de phríomhbhaill an Chumainn Oisínigh. Bhí sé ina leasuachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann. B’as an Ráth, Co. Chorcaí, dá athair John. Rugadh ansin é agus chaith sé cuid dá óige i mBrú Rí, Co. Luimnigh. Seacaibítigh ba ea a sheanmhuintir agus Caitliceach Rómhánach ba ea a athair. D’iompaigh John ina Phrotastúnach. Tá a cháil mar fhile ag seasamh ar a aistriúchán fileata arFaust le Goethe in 1835; ba é ba thúisce a sholáthair leagan Béarla. Bhí ardmheas ag an bhfile Coleridge air agus bhí meas chomh mór sin ar a shaothar liteartha gur tugadh pinsean £150 dó. Is mar abhcóide a shaothraigh sé a bheatha agus ceapadh é ina Ollamh Regius le Dlí i gColáiste na Tríonóide. Tar éis a bheith tinn den ghúta le cúpla lá d’éag sé ar 9 Meitheamh 1867 ina theach ag 5 Sráid Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath. Tá cuntas air in Dictionary of National Biography. Sa Leabharlann Náisiúnta tá leabhar nótaí dá chuid (Ms 348) ina bhfuil cúpla laoi Fiannaíochta a d’aistrigh sé; ‘Seilg Shliabh na mBan’ ceann díobh ar léir uaidh gur cheadaigh sé Leabhar Uachtaráin Leasa Móir d’fhonn cur lena aistriúchán agus é a cheartú.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú