Richard J.Crookes ab ainm dó sular thosaigh sé ag cur spéise sa Ghaeilge. Bhí baint éigin aige, shílfeá, le dúiche Dhroichead na Bandan, más fíor dá bhfuil sa chaoineadh a scríobh Peadar Ó hAnnracháin in Fáinne an Lae 30 Samhain 1918. ‘I measc na nGall cois Bandan glé/ Bheith Gaelach thoghais mar rogha duit féin’. Patrick Crookes, cúipéir, a athair, de réir an taifid pósta. An t-aon Richard Crookes ar chúipéir darb ainm Patrick ab athair dó, agus ar cláraíodh an bhreith, ba é an duine é a rugadh ag 3 Sráid an Charnáin, Baile Átha Cliath, ar 13 Meitheamh 1885. Ba í Ellen Heaney a mháthair. Nuair a bhí sé ina oifigeach custaim is máil i mBaile Átha Cliath chláraigh sé mar bhall de Chonradh na Gaeilge. ‘Is cuimhin le lucht Chraobh an Chéitinnigh i mBaile Átha Cliath an téarma a chaith sé ina measc a cúig nó a sé de bhlianta ó shin agus an dianspéis is dúthracht a chuir sé i bhfoghlaim na Gaeilge’ (ibid 16 Samhain 1918).

Is mar oifigeach pinsin a chuaigh sé go Cill Airne tuairim 1911. Bhí ceantar fairsing, ó Lios na gCeann go Cill Gharbháin, ina chúram. Nuair is le seandaoine is mó a bhíodh sé ag déileáil bhí deis aige anois chun slacht a chur ar a raibh foghlamtha aige den teanga agus chun bheith ag bailiú béaloidis. Tá an tagairt seo dó in An Lóchrann Eanáir 1918: ‘Is aige a bhí an Ghaeilge bhreá agus blas ón sliabh uirthi. Casadh cainteoirí maithe Gaeilge liom ó gach taobh d’Éirinn ach níor airíos riamh aon chainteoir ba mhó a thaitin liom ná é’. Casadh Pádraig Ó Siochfhradha air agus i gcomhpháirt scríobh siad sraith dar teideal ‘Tráchtas ar mharaíocht’ in An Claidheamh Soluis i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 1916. ‘Seaneolas sinsir na nGael ar an aimsir, ag tabhairt na gcomharthaí fearthanna agus stoirme agus gach uile shórt comhartha ar an aimsir is eol dos na seandaoine’ is ábhar don tráchtas seo a bhuaigh duais ag Oireachtas 1916. An bhliain dár gcionn bhuaigh Risteárd ceann de na duaiseanna ar ‘Ainmneacha áiteanna agus gach a mbaineann leo do cheantair nár deineadh liosta dóibh cheana’. Bhíodh ábhar aige in An Lóchrann agus chabhraigh sé leis an Seabhac chun an sraith fhada d’ailt i dtaobh sheanfhocail na Muimhneach a ullmhú don pháipéar sin (i gcló idir Aibreán 1916 agus Iúil 1918). ‘Tá focal an tSeabhaic féin agam air ná raibh fear ba léire, ba chruinne eolas, ar an dteanga ná é agus go mórmhór ar an dinnseanchas’ (‘Sean-Bheist’ in An tIrisleabhar, Eanáir 1941, páipéar lucht cánach). ‘An Fiach Dubh’ an t-ainm pinn a bhí aige. I réamhrá Seanfhocail na Mumhan, 1926 tá an tagairt seo dó ag an Seabhac: ‘Agus go róspeisialta is maith liom a lua anseo ainm deá-Ghael a chuaigh uainn .i. Risteárd Mac Crócaigh, An Fiach Dubh, R.I.P., duine dílis, fíorlaoch, agus fear gráidh don Ghaeilge. Siúd é a ghríosaigh mé chun na seanfhocail seo a chur le chéile’.

Bhí spéis aige sna paidreacha dúchais. In An Lóchrann, Nollaig 1918, foilsíodh ‘Ó Dheá-Ghael ná maireann. Paidreacha ó Shliabh Luachra. Na Coróinneacha’ agus d’aistrigh sé Paidreacha na nDaoine, 1911 le Charlotte Dease faoin teideal Prayers of the Gael, 1915. Deirtear go raibh leabhar idir lámha aige a mbeadh an teideal ‘Litreacha Gaeilge don aos óg’ air. Phós sé Brigid Russell ón ‘School of Housewifery’, Cill Airne, san Ardeaglais Chaitliceach Rómhánach i gCorcaigh 14 Iúil 1914.

D’athraigh an saol i ndiaidh Éirí Amach 1916. Deir ‘Sean-Bheist’ gur thug na húdaráis le tuiscint do Risteárd nár lena leas bheith rómhór le muintir na Gaeilge. ‘Bhí comhthionól neamhchoitianta i gCill Gharbháin i gCiarraí lá sa samhradh i mbliain 1916. Seanphinsinéirí na dúiche mórthimpeall a bhí bailithe ann agus ní ag lorg a bpinsin in Oifig an Phoist é ach chun slán agus beannacht a chur le hoifigeach an phinsin. Risteárd Cróc [sic], a bhí á aistriú go Dún Dealgan tar éis cúig bliana a chaitheamh ina measc’.

I nDún Dealgan bhí cónaí orthu i Sráid Áine agus aon mhac amháin acu. Bhí an fliú forleata faoi fhómhar 1918 agus b’in é ba thrúig bháis dó 31 Deireadh Fomhair na bliana sin. Tá sé curtha i reilig Naomh Peadar, Dún Dealgan.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú