HENCHY, Séamus (1917–2009)

Scoláire Gaeilge ba ea é sula ndeachaigh sé le dlí agus i ndeireadh a chúrsa bhí sé ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach. I gCora Finne, Co. an Chláir, mar a raibh siopa ag a thuismitheoirí, Patrick Henchy agus Margaret O’Grady, a rugadh é i mí na Nollag 1917. Deartháir leis ba ea Patrick Henchy, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. I ndiaidh bunoideachais i gCora Finne cuireadh go Coláiste St Mary i nGaillimh é agus ar ball bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Go luath sna 1940idí thug scoláireacht é chuig Scoil an Léinn Cheiltigh (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) agus in 1942 ceapadh ann é mar Chúntóir, post páirtaimseartha. Céim faoi bhun ‘Ollamh Cúnta’ ba ea é. Ó 1943 go 1948 áirítear é i measc na ‘Extern Research Workers’. Tá liosta díobhsan in Tuarascáil leathchéad bliain 1940–1990 Scoil an Léinn Cheiltigh (1990) agus cuid mhaith de mhórscoláirí Gaeilge ár linne liostaithe ann. Seans go raibh baint éigin aige le gluaiseacht na teanga agus bhí alt dar teideal ‘Mo lochtsa ar an gComhchaidreamh’ i gcló aige in Comhar i mí na Bealtaine 1946. In 1947 d’fhoilsigh an Institiúid a leabhar Miscellaneous Irish annals (AD 1114–1437). I rith an ama sin go léir bhí cúrsa sa dlí á dhéanamh aige sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí. Glaodh chun an bharra air in 1943 agus chun Barra na Sinsear in 1959. In 1948 ceapadh é ina Ollamh le Dlí Rómhánach, le Dlí-eolaíocht agus le Stair an Dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Cé is moite d’alt ar an mbreitheamh miotasach Morann in An Iodh Morainn 2 (1941) is léir ar Bibliography of Irish linguistics and literature 1942–71 (Baumgarten 1986) gur beag faoi léann na Gaeilge a d’fhoilsigh sé. B’fhéidir a rá gur leis an dlí a chaith sé a dhúthracht agus gurbh é an dlí a thabhaigh clú náisiúnta agus idirnáisiúnta dó.

Ceapadh é ina bhreitheamh san Ard-Chúirt in 1962. Ba é a bhí i gceannas ar an gcúis cháiliúil úd 1970 a dtugtar go coitianta ‘The Arms Trial’ air. Ceapadh é ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach in 1972 agus bhí ann go 1988. Maítear gur de bharr a intleachta a d’éirigh leis athruithe ríthábhachtachta sa dlí bunreachtúil a thabhairt chun cinn. In 1973 thug sé breithiúnas go raibh sé de chead ag lánúineacha pósta leas a bhaint as coiscíní (cás Mary McGee). In 1983 bhí sé ag easaontú leis na breithiúna eile i gcás David Norris agus a mhídhleathaí a bhí cleachtadh na homaighnéasachta ag an am. Sampla eile is ea an cás faoi cheart a bheith ag mná a bheith ina mbaill de ghiúiréithe. Nuair a bhí dochtúireacht oinigh á bronnadh air i nGaillimh in 1999 ba é an cur síos a rinneadh air ná ‘one of the most outstanding judges and jurists of 20th century Ireland.’

An clú sin a bhí air faoi deara gur ceapadh é go minic mar bhall de bhoird agus de choimisiúin: in 1965 bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste triúir a cheap an Coimisiún Idirnáisiúnta Dlí-eolaithe chun líomhaintí i dtaobh leatrom ciníoch i nGuáin na Breataine a iniúchadh; in 1972 ceapadh é ina chathaoirleach ar an gCoiste Idir-Rannach um Dhaoine Meabhairéalangacha agus um Dhaoine Míchlóite. Chaith sé dhá théarma ina Chathaoirleach ar an mBord um Chinsireacht Foilseachán agus bhí sé ina chathaoirleach in 1988 ar an gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách. Bhí sé pósta ar Averil Graney. D’éag sé ar 5 Aibreán 2009.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

  • Scoil an Léinn Cheiltigh (1990) Tuarascáil leathchéad bliain 1940–1990 Scoil an Léinn Cheiltigh. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.