Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, stiúrthóir Leabharlann Chester Beatty agus duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman. I gCora Finne, Co. an Chláir, a rugadh é ar 5 Bealtaine 1913. Ba iad Patrick Henchy agus Margaret O’Grady a thuismitheoirí. Fuair sé BA le honóracha den chéad scoth sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh air i 1971. Phós sé Monica Leahy i 1952 agus bhí triúr iníonacha acu. D’éag sé 6 Bealtaine 2001 agus bhí cuntas iarbháis in Irish Times 12 Bealtaine. Deartháir leis is ea an Breitheamh Séamus Ó hInnse, fear a bhfuil tamall caite aige mar scoláire Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú