Tá sé ar dhuine díobh sin a ndearna Wilhelm Doegan taifead dá Ghaeilge i 1927 ar mhaithe le hAcadamh Ríoga na hÉireann ach is cosúil go raibh an ceirnín ar cheann de na maitrisí a briseadh ar a mbealach chun na Gearmáine. I dTrá Phraisce i bparóiste Eadarghabhail i mBéarra a rugadh é. Baisteadh é 17 Márta 1863 agus ba iad a thuismitheoirí Michael Grady agus Mary O’Shea ó Thrá Fraisce. Deirtear in Southern Star (Réalt an Deiscirt) 8 Samhain 1941 gur rugadh é 3 Márta 1863. Ní raibh ach 13 bliain d’aois aige nuair a chaill sé radharc na súl de dheasca na bruitíní. Ar chomhairle an tsagairt paróiste ceannaíodh fidil dó. Ach ar 4 Feabhra 1886 phós sé Mary O’Sullivan (Keagh) agus bhí deichniúr páistí acu, seachtar mac agus triúr iníonacha. Is mar seo a bhí siad i ndaonáireamh 1901: Patrick Grady (38), feirmeoir, dall; a bhean Mary (35). Bhí ceathrar mac agus triúr iníonacha sa teach. Bhí idir Ghaeilge agus Béarla acu go léir. I 1911 is mar seo a tuairiscíodh orthu: Patrick Grady (48), fidléir agus feirmeoir; a bhean Mary (47). Bhí siad pósta le 26 bliain agus bhí an deichniúr a rugadh dóibh go léir beo. Seachtar mac agus aon iníon amháin a bhí sa teach agus arís idir Ghaeilge agus Bhéarla ag gach duine. Dar le tuairisc bháis Phádraig in Southern Star go ndeachaigh cúigear de na mic agus beirt de na hiníonacha ar imirce go dtí New Jersey. ‘Master musician’ a thugann an páipéar sin air: ‘With a stout stick as his only guide he toured the country for 50 years – his faithful fiddle being his only means of support’.

Ó thosach an 20ú haois chaitheadh sé ceithre nó cúig míosa i mBré, Co. Chill Mhantáin. Dhealródh sé go raibh a mhuintir i dTrá Fraisce chomh maith céanna as sa saol le haon teaghlach eile ag an am ach go mbaineadh Pádraig taitneamh as an taisteal agus as an athrú saoil. Le carr agus asal a thugtaí go dtí an Gleann Garbh é, ar bhád as sin go Beanntraí, ar an traein go cathair Chorcaí, agus ansin trasna na cathrach go stáisiún Ghleann Maidhir. Scríobh Pádraig Breathnach in Scéala Éireann i 1937: ‘Is beag Gaeilgeoir idir uasal agus íseal nár chuir aithne ar an bheidhleadóir dall a thagann go Brí Chualann gach samhradh le breis is daichead bliain. Chítear ansin é ar a bhinse bheag adhmaid cois trá, é go soilbhir suairc ag fáiltiú roimh chách ó lár an tsamhraidh go dtí Meitheamh an Fhómhair...’. Agus deir sé arís: ‘Fadó in óige Chonradh na Gaeilge bhíodh triail na scoláirí air agus níor theip riamh air iad a theagasc le scéal agus dán.’ D’fhás Cearbhall Ó Dálaigh suas i mBré agus ba é an fidléir dall an chéad chainteoir dúchais dár casadh air. Ag 25 Sráid an Chaisleáin, Bré, a d’éag sé ar 13 Deireadh Fómhair 1941. Cuireadh é sa reilig le hais eaglais Eadarghabhail.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú