Tá gearrchuntais ar an bhfile seo ag Seán Ó Cearnaigh in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995 agus ag Séamas Ó Céileachair in Nuafhilí 3, 1979; tá cuntas iarbháis ag ‘L.P.’ in Anois 9-10 Meán Fómhair 1995. Sa Chreagán, an Baile Nua, in aice leis an Aonach, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é. Oirníodh ina shagart é agus chaith sé tamall fada ag múineadh Gaeilge i gColáiste Fhlannnáin, Inis, agus bhí tamall ina leasuachtarán ar an gcoláiste. Deir Ó Céileachair: ‘Iarsmaí na Gaeilge ina chanúint bhaile a mhúscail a shuim sa teanga ar dtús.’ Agus deir ‘L.B.’: ‘Bhí sé sároiriúnach mar mhúinteoir Gaeilge toisc a raibh de Ghaeilge tógtha aige óna mhuintir féin thart ar Eochoill Ára agus tá a fhianaise sin sna hailt a scríobh sé i ndeireadh na seachtóidí in Cois Deirge faoin bhfo-bhrat Gaeilge a bhí fós ar marthain i gculaithirt an Bhéarla i dTiobraid Árainn Thuaidh.’ Bailiúchán dá dhánta is ea Diascáin, 1987; i ndiaidh a bháis chuir Comhar ceithre dhán i gcló nach bhfuil sa chnuasach sin. Bhí sé ina shagart cúnta i nDún Cairin, Co. Uíbh Fhailí, ó 1969 go 1972. Ag am a bháis, 27 Lúnasa 1995, bhí sé ina shagart paróiste i dTír Dá Ghlas, Co. Thiobraid Árann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú