Is iad na fáthanna ar mhair cáil air: go raibh ainm an léinn air féin agus ar chuid dá shinsir, cé nár de teaghlach léannta iad; go raibh meas ag filí a linne i Liatroim air agus ar an bhfoghlaim a bhí air, gurbh ina theach a bhailídís sin agus lucht léinn an cheantair agus go ndéanadh sé pátrúnacht éigin orthu; gur cumadh dosaen dán le hómós dó; go raibh teagmhálacha aige le daoine cáiliúla a linne mar Edward Lhuyd, na deatháireacha Molyneux agus Sir Richard Cox. File ba ea é ach níl fáil ach ar chúpla dán dá dhéantús.

Comharbaí Naomh Caillín, easpag Fhiodhnacha, ba ea a mhuintir, cé gur thuataí iad, agus bhí seilbh acu ar thailte na heaglaise i bhFiodhnach, Muintir Eolais, Co. Liatroma, anuas go dtí lár an 17ú haois. Bhí Leabhar Fhiodhnacha i gcúram a sleachta, an Tadhg s’againne ina measc, anuas go 1836. Tá stair na lámhscríbhinne seo, atá in Acadamh Ríoga na hÉireann, inste ag W.M. Hennessy in The Book of Fenagh in Irish and English originally compiled by St. Caillin, Archbishop, Abbot, and Founder of Fenagh..., 1875. Tá cuntais ar Thadhg: ag H.R. McAdoo in Éigse, fómhar 1939 (Three Poems by Peadar Ó Maolchonaire’); in Breifne V, 18, 1977/8 ag Pádhraic P. Ó Ciardha; in aiste dar teideal ‘Tadhg O Roddy and Two Surveys of Co. Leitrim’ le John Logan san iris chéanna (IV, 14, 1971). Chum Éamonn Ó Caiside dánta dó agus tá cuntas air ag Mairghréad Nic Philibín in Na Caisidigh agus a gCuid Filidheachta, 1938. Tá tagairtí go leor dó féin agus dá mhuintir ag James J. MacNamee in History of the Diocese of Ardagh, 1954. Gan amhras déanann Éadbhard Ó Raghallaigh cur síos air in Chronological account of Nearly Four Hundred Irish Writers, 1820 agus tá cuntas air ag Pól Breathnach in Irish Ecclesiastical Record, Meitheamh 1940 (‘The Book of Fenagh’).

In Achaidh na Croise, Co. Liatroma, a rugadh Tadhg. Deir an Raghallach go raibh sé anonn in aois i 1705. Ag tagairt don bhliain 1702 deir MacNamee: ‘This Tadhg, fourth of the name, was still living in Crossfield, being then over ninety years old,’ Ach tá marbhna ar Ghearóid óg Ó Rodaighe, athair Thaidhg, a d’éag 1680, i gcló ag Ó Ciardha agus deir seisean faoin nGearóid seo: ‘...más fíor don bhfile fuair sé bás agus é fós ina fhear óg.’ Má bhí 91 bliana ag Tadhg i 1702 bhí sé 69 bliana d’aois nuair a d’éag a athair ina fhear óg! Dar le James Hardiman gur rugadh é i 1623 ach arís d’fhágfadh sin 57 bliana aige ar bhás an athar: ‘He was born near the source of the Shannon in 1623’, a deir McAdoo. Luaitear 1660 freisin. Ach cibé bliain ar tháinig sé in aois fir, bhí a mhuintir curtha as seilbh a n-oidhreachta le tamall roimh 1641. Thug a sheanathair, Tadhg eile, cúig bliana tuairim an ama seo ag troid i gcúirteanna Londan ag iarraidh an talamh a bhaint ó John Richardson, easpag Protastúnach Ard Acha.

I 1683 scríobh sé cuntas ar chontae Liatroma i gcomhair an atlais mhóir a bhí beartaithe ag Moses Pitt. Ba é William Molyneux (1656–98), fealsamh agus tírghráthóir, a bhí ag déileáil le taobh na hÉireann den bheartas, a d’aimsigh Tadhg mar chomhfhreagróir. Theip ar an bhfiontar ach tá ar scríobh Tadhg i gcló san aiste le John Logan atá luaite thuas. Ceapadh é ina bhailitheoir cánach faoin bParlaimint a bhí ina suí 7 Bealtaine-18 Iúil 1689, parlaimint Shéamuis II nó an ‘Patriot Parliament’. D’fhág sé a theach i gCarraig an tSleabhain agus bhí i gContae an Chláir go 1694; b’as Doire Fhada in aice le Gort Inse Guaire dá bhean, Fionnuala Nic Chonmara. Chuaigh sé sa timpeall gur marbh a bhí sé agus scríobh Diarmaid Mac An Bháird caoine air. ‘Fíorchrádh d’Éirinn turas Thaidhg’. Tháinig muintir Fhionnuala ar ais go Liatroim in éineacht leis i 1694. Ach bhí sé curtha as seilbh cibé beagán talaimh a bhí aige, é anois beo bocht. Ó 1696 amach bhí ag teip ar a shláinte agus ar radharc na súl. Thug Edward Lhuyd cuairt air i 1700 agus scríobh seisean chuig Thomas Molyneaux, deartháir William, i mBealtaine 1700: ‘The occasion of my coming to this neighbourhood was a character I heard of, one Teague O’Roddy as an excellent antiquary. The gentleman received us civilly and he promised his solution of some queries I left with him by the time we return.’ Sheol Tadhg litir inspéise chuige: ‘... tho’ none of the race of antiquaryes, but a gent, that has more antient books of Ireland and that learned, and understands them as well at least as any now in Ireland, or any where, all which paines I take for my countrye’s sake, for my own satisfaction, and to preserve so noble and singular a monument of honour and antiquity.’

Deir Ó Ciardha gur faoina choimirce a bhí scoil filíochta ar bun. Sna dánta a cumadh dó tugtar le fios gurbh é Tadhg ‘ollamh agus pátrún’ na bhfilí sa cheantar. Tá ‘Tugas tuile tromghráidh dhuit’, dán sa tseanmheadaracht a chum sé do Chormac Ó Néill, i gcló in Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, 1931 in eagar ag Tadhg Ó Donnchadha, ach ní mór an meas a bhí aigesean ar a chumas ar an dán díreach. Chum sé dánta i mBéarla agus i Laidin freisin. Cé go dtugann sé ‘fear aenshúl idir dallaibh’ air féin, tá fianaise ina dhánta go raibh ar a chumas an tSean-Ghaeilge a léamh agus go raibh bailiúchán de lámhscríbhinní aige. Sa litir chuig Lhuyd deir sé: ‘... [I] have as many Irish books of Philosophy, Physicke, Poetry, Genealogys, Mathematicke, Invasions, Law, Romances etc.... I have several volumes that none in the world now can peruse.... I have the books of our law, being 30 in number.... [I] had eighteen letters in my custody before the last ware of 1688, being letters from the kings of Ireland to the princes of Wales, and from the said princes to our kings and nobility.’ Dúirt Seán Ó Gadhra gurbh é féin, Ruairí Ó Flaithbheartaigh agus Tadhg Ó Rodaighe, ar a dtugann sé ‘scolaí tréitheach’, an t-aon triúr in Éirinn a bhí in ann na seanfhoinsí sa Laidin, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a thuiscint. Chuir sé nótaí, gluaiseanna agus ginealach le Leabhar Fhiodhnacha agus is fianaise bhreise ar a chuid scoláireachta gluais a chuir sé le dán a chum Seán mac Torna Uí Mhaolchonaire do Bhrian na Múrtha Ó Ruairc i 1566, ‘Fuair Bréifne a díol do shaoghlond’. Bhí sé cairdiúil le Ruairí Ó Flaithbheartaigh agus bhí comhfhreagras aige le Sir Richard Cox. Deir Ó Ciardha: ‘Cé nárbh den aicme léinn Tadhg agus go bhfuil a fhios againn nach fear saibhir a bhí ann is cinnte go ndearna Tadhg a dhícheall ar feadh a shaoil chun an léann dúchais a chur chun cinn.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú