In Nua-Dhuanaire I, 1971 deirtear i dtaobh an amhráin ‘Ar m’éirí dhom ar maidin’: ‘De réir an tseanchais is éard atá san amhrán seo trácht ar anchaoi duine de mhuintir Uí Dhuibhir a cuireadh as seilbh (i mbarúntacht Choill na Manach i gContae Thiobraid Árann, b’fhéidir) thart ar lár an 17ú haois. D’fhéadfadh sé nach mbeadh san amhrán anois ach ceol agus macalla an bhunleagain.’ Tá stair na muintire sin ag Sir Michael O’Dwyer in The O’Dwyers of Kilnamanagh: the history of an Irish sept, 1933. Deir an t-údar sin gur mhac ba ea Seán Ó Duibhir an amhráin le ‘Darby O’Dwyer’, ceann fine, a d’éag 1629 agus gur dheartháir mór dó ba ea Antaine i gCluain Uí Thórpa in aice le Cluain Abhla agus Dún Droma i dTiobraid Árann. Is cosúil gurbh í Eileanóir Nic Ghearailt máthair Sheáin. In Songs of the Irish, 1960 deir Donal O’Sullivan gurbh é an tríú mac le Darby Chluain Uí Thórpa é. ‘The Glen from which he took his epithet “an Ghleanna” is a matter of uncertainty, and it has been variously supposed to be the Glen of Aherlow at the base of the Galtee Mountains, Glenough in the parish of Clonoulty and Glenefy near Galbally. We know little of his history, but it may be fairly assumed that during the war of 1649–1652 he was closely associated with his cousin Colonel Edmund O’Dwyer. It is clear from the second verse that he foresaw that he would be compelled to leave Ireland and it is probable that he accompanied his cousin into exile.’ Bhí an Éamonn sin i gceannas ar bhriogáid sa chogadh i dTiobraid Árann, Port Láirge agus Luimneach. Bhí saighdiúirí na briogáide sin i measc an tríocha mile Éireannach a d’earcaigh an Spáinn i ndiaidh ghéilleadh Luimnigh i 1651 le troid in aghaidh na Fraince i bhFlóndras. Maraíodh an Cornal Éamonn sa chogadh sin Lúnasa 1654. Tá balla den chaisleán i gCluain Uí Thórpa ina sheasamh go fóill.

Tá amhrán cráifeach ann (‘Eístidh liomsa sealad’) a bhfuil ‘Seán Ó Duibhir an Ghleanna’ mar theideal air ach ní bhaineann sé leis an bhfear s’againne. I nóta inNua-Dhuanaire III, 1978 faoin amhrán sin deir Tomás Ó Concheanainn: ‘Má tá aon bhunús leis an teideal seo is dóigh gurb éard atá ann tagairt do Sheán mac Ridire an Ghleanna (i gContae Luimnigh) a fuair bás in 1737.’ Tá an t-ainm luaite go minic san amhrán ‘After Aughrim’s great disaster’ a chum an Canónach P.A. Sheehan d’aon ghnó le cur i mbéal duine de na carachtair san úrscéal Glenanaar (1905) ach is i gCogadh an Dá Rí a throid an Seán sin! I measc na ndaoine a thug faoi ‘Ar m’éirí dhom ar maidin’ a aistriú go Béarla tá Thomas Furlong (in Irish minstrelsy ..., 1831 le Hardiman) agus Frank O’Connor (‘The Tipperary Woodlands’ in A book of Ireland, 1959).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú